Sa chás go ndíolann tú d’fheithicil go príobháideach, ní mór duitse, mar dhíoltóir, agus do cheannaitheoir na feithicle, an chuid um athrú úinéireachta a chomhlánú agus a shíniú ar chúl an Deimhnithe Clárúcháin Feithicle (VRC). Tá sé de fhreagracht ar an díoltóir an VRC a sheoladh chugainn lena nuashonrú.
Cuirfimid VRC sa phost chuig an úinéir nua.
Sa chás go ndíolann tú d’fheithicil le déileálaí mótair, ní mór duit an Deimhniú Clárúcháin Feithicle / Teastas Ceadúnaithe Feithicle a thabhairt agus Foirm RF105 a chomhlánú, in éineacht leis an déileálaí. Caithfear an Cód Aitheantais Garáiste a áireamh ar an bhfoirm chun í a phróiseáil. Ansin ba chóir duit an RF105 sínithe a sheoladh chugainn lena nuashonrú.
Fógra faoi Aistriú Úinéireachta Feithicle chuig Déileálaí Mótair
Maidir le Feithiclí a Cláraíodh Ó 1/1/93 amháin
Más mian leat úinéireacht feithicle nach raibh cáin uirthi riamh ag úinéir (úinéirí) reatha nó deiridh a athrú, seol na sonraí thíos chugainn le do thoil:
Ansin déanfaimid sonraí an úinéara nua a thaifeadadh ar na taifid ríomhaire agus cuirfimid Foirm RF100 chucu sa phost a chuirfidh ar ár gcumas cáin a ghearradh ar an bhfeithicil.
Ní mór duit Foirm RF200 a chomhlánú agus a sheoladh chuig d’oifig mhótarchánach áitiúil.
Tá Foirm RF200 ar fáil anseo.
Fógra faoi Aistriú Úinéireachta Feithicle
Maidir le Feithiclí a Cláraíodh Roimh 1/1/93 amháin
Sa chás go bhfuil úinéir (díoltóir) reatha na feithicle éagtha, ba chóir go mbeadh litir ó Sheiceadóir Uachta nó Aturnae ag taispeáint ceart an cheannaitheora chun na feithicle in éineacht leis an Deimhniú Clárúcháin Feithicle (VRC).
I gcás nach bhfuil an VRC ar fáil nó nach féidir é a chur ar fáil, glacaimid le dearbhú maidir le hathrú úinéireachta i bhfoirm dearbhaithe reachtúil a thugtar faoi mhionn os comhair Coimisinéara Mionnaí nó Aturnae atá ag Cleachtadh a Gairme. Ní mór an litir thuasluaite ó Sheiceadóir Uachta nó Aturnae a bheith in éineacht leis an Dearbhú Reachtúil.
Is féidir Foirm Dearbhaithe Reachtúil a fháil ag d’Oifig Mhótarchánach áitiúil.