Vótáil in Éirinn
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Chun a bheith incháilithe chun vóta a chaitheamh caithfidh tú a bheith 18 mbliana d'aois ar a laghad agus caithfidh gnáthchónaí a bheith ort in Éirinn.
Foráiltear leis an Acht um Athchóiriú Toghcháin, 2022, gur féidir le daoine 16 agus 17 mbliana d'aois réamhchlárú ach nach féidir leo vóta a chaitheamh go dtí go sroicheann siad 18. Cuirtear leis an gclár toghthóirí go huathoibríoch iad nuair a shroicheann siad 18.
Cinntear cén imeachtaí toghchánacha ar féidir le duine vóta a chaitheamh iontu bunaithe ar shaoránacht:
Chun a bheith in ann vótáil i dtoghchán nó i reifreann, ní mór ainm duine a chur ar chlár na dtoghthóirí don cheantar ina bhfuil gnáthchónaí ar an duine. Is Údaráis Chlárúcháin iad Údaráis Áitiúla (comhairlí contae, comhairlí cathracha, agus comhairlí cathracha agus contae) agus tá siad freagrach as clár na dtoghthóirí a bhainistiú agus a chothabháil. Faoi fhorálacha an Achta um Athchóiriú Toghcháin, 2022, tá athrú tagtha ar an bpróiseas clárúcháin toghthóirí chun é a dhéanamh níos inrochtana. Áirítear leis na príomhathruithe:
In éineacht leis sin, cuireadh forálacha nua san áireamh:
Spreagtar gach duine anois cuairt a thabhairt ar checktheregister.ie agus a n-iontráil ar an gclár a dhearbhú nó a nuashonrú trína UPSP, Dáta Breithe agus Éirchód a chur leis – cabhróidh sé seo le húdaráis áitiúla ina gcuid oibre chun clár toghthóirí cruinn agus iomlán a chinntiú.
Is féidir leat iniúchadh a dhéanamh ar chóip de chlár na dtoghthóirí ach dul i dteagmháil leis an údarás clárúcháin go díreach.
Tá tuilleadh eolais ar fáil ar chlár na dtoghthóirí i raon teangacha éagsúla
Is féidir leat úsáid a bhaint as checktheregister.ie/ga-IE anois chun an méid seo a leanas a chur i gcrích:
Chomh maith leis an rogha do shonraí a chlárú nó a nuashonrú ar líne, is féidir leat clárú le d'údarás áitiúil ach foirm pháipéir a líonadh (féach an nasc thíos) agus í a thabhairt ar ais go díreach chuig d'údarás clárúcháin.
Ní mór do dhaoine a ndéantar saoránaigh Éireannacha díobh, nó a athraíonn a saoránacht ar bhealach eile, fianaise dhoiciméadach den athrú sin a chur isteach. Ar an gcúis sin, bíonn foirm pháipéir de dhíth. Is féidir an fhoirm a íoslódáil ag checktheregister.ie/ga-IE
Déantar vótáil i dtoghcháin Uachtaránachta, Dála, an tSeanaid, Eorpacha agus áitiúla le ballóid rúnda ar phrionsabal na hionadaíochta cionmhaire i dtoghcheantair ilshuíocháin (is toghcheantar amháin í Éire i dtoghchán Uachtaránachta), agus bíonn aonvóta inaistrithe ag gach vótálaí. Tá tuilleadh eolais le fáil anseo