Deontas Baintrí/Baintreach Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Íocaíocht aonuaire é an Deontas Baintrí/Baintreach Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh le baintreacha, baintreacha fir nó páirtnéirí sibhialta marthanacha a bhfuil leanaí cleithiúnacha acu.
Tá an deontas seo do bhaintreacha, baintreacha fir nó páirtnéirí sibhialta marthanacha a bhfuil leanbh amháin nó níos mó atá ag cónaí leo ag dáta an bháis.
Tá an deontas do bhaintreach nó páirtnéir sibhialta marthanach freisin ar rugadh a leanbh laistigh de 10 mí i ndiaidh dháta báis a céile nó a páirtnéara shibhialta.
Ar mhaithe leis an deontas, leanbh é “an leanbh” a shine le haois 18 mbliana, a bhfuil gnáthchónaí air/uirthi sa Stát agus atá ag cónaí leat.
Meastar gur leanbh cáilithe leanbh atá idir 18 agus 22 bliain d’aois agus a bhfuil gnáthchónaí air/uirthi sa Stát má tá siad in oideachas lánaimseartha ag scoil nó coláiste aitheanta.
Caithfidh tú cáiliú do cheann amháin den mhéid seo a leanas freisin:
lena n-áirítear méadú maidir le leanbh cáilithe.
Íocaíocht aonuaire €8,000 é an deontas seo.
Déantar Deontas Baintrí/Baintreach Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh a íoc go díreach isteach i do chuntas nó trí sheic.
Eisítear an íocaíocht i ndiaidh don Oifigeach Breithiúnachta cinneadh a dhéanamh faoi cheann amháin de na híocaíochtaí thuas.
(Ní gá duit foirm iarratais a líonadh má tá iarratas á dhéanamh agat ar Phinsean Baintrí, Baintreach Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Ranníocach) nó ar Íocaíocht Teaghlach Aontuismitheora )
Chun iarratas a dhéanamh, líon an fhoirm iarratais thíos:
Dheontas Baintreachais nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh
Samhain 2020
agus seol é chuig:
Déantar cur síos i dtreoirlínte oibríochtúla ar na próisis agus na nósanna imeachta faoina dtugann an fhoireann sa roinn nuair a bhíonn a gcuid oibre á déanamh acu.