Tá an roinn freagrach as seirbhísí mhargadh an tsaothair a chur ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas, as cabhrú leo fostaíocht íoctha a fháil nó iad a ullmhú le haghaidh fostaíochta trí chlár oiliúna nó fostaíochta.
Faoin gCiste um Fhreastal Réasúnta, is féidir leis an Roinn cabhrú le fostóirí agus le fostaithe faoi mhíchumas bearta cuí a dhéanamh chun cabhrú le duine faoi mhíchumas a bhfostaíocht a rochtain, a fheabhsú nó a choinneáil trí na deontais seo a leanas a sholáthar:
Ar fáil chomh maith tá anScéim Tacaíochta um Fheasacht ar Mhíchumas (DASS) a chuireann maoiniú ar fáil d’fhostóirí na hearnála príobháidí chun Oiliúint Feasachta Míchumais a chur ar fáil do bhaill foirne a oibríonn le comhghleacaí atá faoi mhíchumas.
Fógraíodh leathnú €1 milliún ar an gCiste um Freastal Réasúnta i mBuiséad 2023, Níl na sonraí ar fáil go fóill ach beidh siad treoraithe ag comhairliúchán poiblí a tharla ní ba luaithe sa bhliain.
Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil trí theagmháil a dhéanamh le do Lárionad Intreo áitiúil nó le do Oifigeach Ainmnithe um Míchumas i do cheantar .