B’fhéidir go gcáileofar iascaire féinfhostaithe a bhfuil ísealioncam aige/aici do Chúnamh Éisc.
Ní scéim ar leith é Cúnamh Éisc. Cuirtear ar fáil é faoi Liúntas Cuardaitheora Poist.
Chun cáiliú do Liúntas Cuardaitheora Poist, caithfidh tú bheith ar fáil chun obair a dhéanamh agus caithfidh go bhfuil fíor-iarrachtaí á ndéanamh agat chun obair a lorg. Caithfidh tú tástáil mhaoine a shásamh freisin.
Chun teacht ar eolas breise, déan teagmháil le d’Ionad Intreo áitiúil nó d’Oifig Chraoibhe Leasa Shóisialaigh áitiúil .