Scéim Iasachta um Cheannach Tí De Chuid an Údaráis Áitiúil
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Is éard atá in Iasacht Tí Údaráis Áitiúil ná morgáiste a bhfuil tacaíocht aige ón rialtas do cheannaitheoirí céaduaire nó iarrthóirí Tús Úr trí údaráis áitiúla.
Is féidir le ceannaitheoirí céaduaire incháilithe cur isteach ar Iasacht Tí Údaráis Áitiúil d'fhonn réadmhaoin chónaithe nua nó athláimhe a cheannach agus le haghaidh féintógálacha. Áirítear léi tithe a cheannach trí scéimeanna stáit mar an Scéim Ceannaigh ag Tionóntaí agus Scéimeanna Tithíochta Inacmhainne, cé is moite de Scéim an Chéad Bhaile.
Tá prionsabal 'Tús Úr' i bhfeidhm sa Scéim Iasachta Tí Údaráis Áitiúil, rud a chiallaíonn go mbeidh daoine atá colscartha nó scartha agus nach bhfuil aon leas airgeadais in áras an teaghlaigh acu, nó a chuaigh trí imeachtaí dócmhainneachta, incháilithe cur isteach ar an scéim sin. Tá sí ar fáil ar fud na tíre ó gach údarás áitiúil.
Beidh feidhm ag na critéir cháilithe nua seo a leanas ón 1 Márta 2023.
Ní mór d'iarrthóirí aonair ar fud na tíre ollioncam bliantúil suas le €70,000 a bheith acu.
Ní mór do chomhiarrthóirí ar fud na tíre ollioncam bliantúil suas le €80,000 a bheith acu.
Is é luach margaidh uasta na réadmhaoine atá le ceannach nó le féintógáil ná:
Soláthraítear tríd an iasacht seo suas le 90% de luach margaidh nó luach ceannaigh réadmhaoine a dteastaíonn uait a cheannach. Socraítear méid uasta na hiasachta ag brath ar an áit ina bhfuil an réadmhaoin suite.
Tá tuilleadh faisnéise agus sonraí iomlána faoi chritéir incháilithe na hiasachta le fáil ar shuíomh gréasáin Iasacht Tí Údaráis Áitiúil.
Is trí na húdaráis áitiúla a riartar an Scéim Iasachta Tí Údaráis Áitiúil.
Más dóigh leat go bhfuil tú incháilithe agus má tá tú in acmhainn na haisíocaíochtaí a íoc ar an méid ar ghá duit a fháil ar iasacht, féadfaidh tú foirm iarratais Iasacht Tí Údaráis Áitiúil a líonadh agus í a chur isteach chuig an údarás áitiúil ábhartha.
Tá an fhoirm iarratais ar fáil le híoslódáil ó shuíomh gréasáin Iasacht Tí Údaráis Áitiúil.
Tá áireamhán ar an suíomh gréasáin sin freisin chun na rudaí seo a leanas a mheas: