Scéim na gCúntóirí Teanga
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Is é cuspóir Scéim na gCúntóirí Teanga an Ghaeilge a láidriú mar theanga pobail agus teaghlaigh sa Ghaeltacht i gcomhréir le cuspóirí lárnacha an phróisis pleanála teanga agus an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022 (DES) araon.
Faoin scéim cuirtear deiseanna breise sealbhaithe agus saibhrithe teanga ar fáil do lucht freastail scoileanna Gaeltachta. Is iad an dá eagraíocht Muintearas Teo agus Oidhreacht Chorca Dhuibhne Teo, atá freagrach as an scéim a riar sna Gaeltachtaí thar ceann na Roinne.
In 2023, leathnaíodh an scéim amach sa dóigh is go mbeidh Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí atá suite sna Bailte Seirbhíse Gaeltachta agus Líonraí Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht in ann leas a bhaint as Scéim na gCúntóirí Teanga. Is é Glór na nGael atá freagrach as an scéim a riar sna ceantair sin.
Liosta scoileanna rannpháirteach sa scéim aitheantais anseo.
Ról an Chúntóra Teanga - lámhleabhar
De thoradh infheistíocht bhreise (Preasráiteas anseo ) a bheith déatna sa scéim ag an Roinn i gcomhréir lena bhfuil molta san Athbhreithniú ar Scéim na gCúntóirí Teanga a foilsíodh Deireadh Fómhair 2020 (féach Tuarascáil Sealbhú thíos), tá gach scoil atá rannpháirteach i bhfeidhmiú an Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017–2022 in ann leas a bhaint as cúntóir teanga chomh maith le huaireanta breise a bheith ceadaithe do gach scoil.
Fágann sé seo go bhfuil €1.2m á chaitheamh in aghaidh Na bliana faoin scéim faoina bhfostaítear tuairim is 113 cúntóir a bhíonn Ag obair in 135 scoil Ghaeltachta (idir 113 bunscoil, 21 iar-bhunscoil agus scoil amháin do dhaltaí le riachtanas speisialta) ar leas tuairim is 8,500 páiste scoile.
Tá tuilleadh eolais faoi Scéim Na gcúntóirí Teanga ar fáil ag www.ancuntoir.ie.
Imlitir 0010/2020: Bunscoileanna/scoil speisialta atá páirteach sa Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta: Feidhmiú leanúnach na Scéime (2020/21)
Imlitir 0011/2020: Iar-bhunscoileanna atá páirteach sa Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta: Feidhmiú leanúnach na Scéime (2020/21)
Imlitir 0012/2020: Cuireadh do bhunscoileanna i limistéir pleanála teanga Ghaeltachta páirt a ghlacadh sa Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta in 2020.
Tá leagan Gaeilge agus leagan Béarla de na hImlitreacha ar fáil ar láithreán gréasáin na Roinne ag na naisc thíos:
Tuarascáil SEALBHÚ Scéim na gCúntóirí Teanga
ctpt@tcagsm.gov.ie - 091503700
Muintearas Teo, Tír an Fhia, Leitir Móir, Co na Gaillimhe, Tel: +353 (0)91 551145, muintearas@muintearas.com
Oidhreacht Chorca Dhuibhne Teo, Baile an Fheirtéaraigh, An Daingean, Trá Lí, Co Chiarraí, Tel: +353 (0) 66-9156100, eolas@cfcd.ie
Glór na nGael, Ráth Chairn, Baile Átha Buí, Contae na Mí, Fón: 046 943 0974