Scéim Iasachta Tithíochta de chuid Atógáil na hÉireann
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Morgáiste le tacaíocht airgid an Rialtais, do cheannaitheoirí céaduaire, atá san Iasacht Titíochta de chuid Atógáil na hÉireann.
Tá sé ar fáil ar fud na tíre ó gach údarás áitiúil.
Is féidir le ceannaitheoirí céaduaire incháilithe iarratas a dhéanamh le haghaidh Iasachta Tithíochta de chuid Atógáil na hÉireann chun réadmhaoin nua nó dara láimhe a cheannach, nó chun a dteach fhéin a thógáil. Gnáthmhorgáiste caipitil agus úsmhar is ea an iasacht a aisíoctar trí dhochar díreach ar bhonn míosúil.
Tá tuilleadh faisnéise agus mionsonraí iomlána ar chritéir incháilitheachta na hiasachta ar fáil ar an suíomh idirlín - Iasachta Tithíochta de chuid Atógáil na hÉireann.
Údaráis áitiúla a riarann Scéim Iasachta Tithíochta de chuid Atógáil na hÉireann.
Má cheapann tú go bhfuil tú incháilithe agus gurbh acmhainn duit na haisíocaíochtaí ar an tsuim a chaithfidh tú a fháil ar iasacht, is féidir leat foirm iarratais le haghaidh Iasachta Tithíochta de chuid Atógáil na hÉireann a chomhlánú agus a chur faoi bhráid an údaráis áitiúil ábhartha.
Is féidir an fhoirm iarratais a íoslódáil ón suíomh idirlín - Iasachta Tithíochta de chuid Atógáil na hÉireann.
Is fréamhshamhail í seo - cabhróidh d’aiseolas linn é a fheabhsú