Ardteistiméireacht 2021 - Leabharlann doiciméad agus eolas breise
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Is bailiúchán ábhar é seo a bhaineann le hArdteistiméireacht 2021. San áireamh ann tá treoirdhoiciméid le haghaidh scoláirí, tuismitheoirí agus scoileanna. Féach ar ár leathanach faoi Scrúduithe na hArdteistiméireachta agus Gráid Chreidiúnaithe 2021 chun eolas reatha a fháil.
Thaifead an Príomh Oifigeach Míochaine, Dr. Tony Holohan, teachtaireacht físe atá dírithe ar scoláirí na hArdteistiméireachta d’fhonn iad a ghríosadh chun iad féin agus a chéile a choinneáil slán sábháilte, agus na scrúduithe ag druidim leo.
Treoracha do na Torthaí agus do na hAchomhairc agus do Thorthaí na Scrúduithe de réir Ábhair
Foilsíodh dá threoir eolais d’iarrthóirí:
Tá eolas maidir le rochtain a fháil ar thorthaí sealadacha agus faoina dtarlóidh i ndiaidh Lá na dTorthaí sa Treoir maidir le Torthaí agus Achomhairc. Cuimsíonn sé sin:
Tá eolas sa Treoir maidir le do Thorthaí Scrúduithe de réir Ábhair i dtaca le:
Pléitear le gach ábhar as féin sa treoir seo.
Beidh líne chabhrach CSS d’Iarrthóirí ar fáil ag 1800 111 135 nó 1800 111 136 ó 9 am go dtí 5 pm ón 3 Meán Fómhair go dtí an 13 Meán Fómhair. Taobh amuigh de na huaireanta sin is féidir ceisteanna a sheoladh ar ríomhphost chuig candidateportal@examinations.ie. Tabhair do d'aire go bhfuil an líne chabhrach seo á soláthar do cheisteanna a bhaineann leis an Tairseach Féinfhreastail d’Iarrthóirí agus na seirbhísí a sholáthraítear tríd an tairseach.
Tá eolas tábhachtach sa Treoirleabhar d’Iarrthóirí faoina bhfuil i ndán duit le linn na scrúduithe
Is ann don treoir seo chun cuidiú le scoileanna sa phróiseas a bhaineann leis na marcanna céatadáin measta a ionchur agus iad a chur ar aghaidh i leith na scoláirí go léir atá i ranganna na hArdteistiméireachta agus na hArdteistiméireachta Feidhmí (ATF) 2021 i mbliana.
Is é aidhm an doiciméid seo treoir a chur ar fáil do scoileanna maidir leis na socruithe do scrúduithe na hArdteistiméireachta, 2021.
Tá sé mar chuspóir ag an gciorclán seo na socruithe íocaíochta, lena n-áirítear rátaí íocaíochta, a bheidh i bhfeidhm maidir le pearsanra a cheapann an scoil agus costais bhreise eile do Scrúduithe 2021 a chur in iúl duit. I gcás na BOOanna, clúdaíonn sé seo suíomhanna breisoideachais freisin, ar nós VTOS agus Ógtheagmháil ina bhfuil scrúduithe ar siúl.
Seo treoir do scoileanna chun cuidíu leo sa phróiseas a bhaineann le teacht at mharcanna céatadáin measta do gach duine dá gcuid scoláirí I rang Ardteistiméireachta na bliana seo 2021.
Seo treoir do scoileanna chun cuidíu leo sa phróiseas a bhaineann le teacht at mharcanna céatadáin measta do gach duine dá gcuid scoláirí I rang Ardteistiméireachta Fheidhmeach
Soláthraíonn an treoir seo mionsonraí ar na scrúduithe Ardteistiméireachta agus Gráid Creidiúnaithe CSS.
Ba cheart an t-eolas a thugtar sa treoir seo a bhreithniú in éineacht leis Treoir maidir leis na Scrúduithe Stáit agus Gráid Chreidiúnaithe don Ardteistiméireacht in 2021. Treoir maidir leis na Scrúduithe Stáit agus Gráid Chreidiúnaithe don Ardteistiméireacht in 2021
Is é cuspóir na treorach seo faisnéis bhreise a chur ar fáil do mhúinteoirí ar chuir chuige i leith measúnaithe a d’fhéadfaidís a chur san áireamh agus measúnuithe le haghaidh scoláirí Ardteistiméireachta á bpleanáil agus á ndearadh acu chun tacú le próiseas na nGrád Creidiúnaithe.
Tugadh na coigeartuithe breise seo chun críche tar éis plé a bheith ann idir an Roinn Oideachais, an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta agus Coimisiún na Scrúduithe Stáit. Is cinn bhreise iad ar na coigeartuithe a bhí ann roimhe seo, ach i roinnt cásanna tagann na coigeartuithe breise seo in áit na gcoigeartuithe a bhí ann roimhe seo.
Tá na sonraí maidir leis na coigeartuithe a bhí ann roimhe seo ar fáil in Socruithe Measúnachta do na Scrúduithe Teastais 2021
D’fhoilsigh Coimisiún na Scrúduithe Stáit an imlitir seo Déardaoin 4 Márta 2021.
Is é is cuspóir leis an imlitir seo ná eolas breise a sholáthar faoi na ceannteidil seo a leanas a bhaineann le scrúduithe na hArdteistiméireachta 2021:
1. Dátaí deiridh le haghaidh Obair Chúrsa a chríochnú (Imlitir S64/20 agus ríomhphost CSS an 14 Eanáir a bhaineann)
2. Béaltrialacha, Scrúduithe Praiticiúla agus Triail ar Fheidhmíocht Phraiticiúil sa Cheol
3. Tráthchláir 2021
4. Iontrálacha Iarrthóirí agus Tairseach Féinfhreastail d’Iarrthóirí
5. Ionaid Scrúduithe a chur ar bun
6. Scéim na Socruithe Réasúnacha do na Scrúduithe Teastais
7. Earcú foirne ar conradh
Sa Treoir seo, tá eolas san áireamh ann maidir leis an tábhacht iarrthóirí chun athbhreithniú agus deimhniú a dhéanamh ar a roghnú leibhéil agus a roghanna scrúduithe, Gráid Chreidiúnaithe nó an dá rud d’Ardteistiméireacht 2021 le haghaidh gach ábhair a bhfuil iontráil déanta dóibh ina leith.
Féach ar an an Treoir Físeán ‘Sula dTosaíonn Tú’ chun forléargas a fháil ar conas Céim 2 a chur i gcrích ar Thairseach Féinseirbhíse Iarrthóra na hArdteistiméireachta. Féach ar an gcur síos ar an bhfíseán (agus tú ag féachaint ar youtube) chun na míreanna cuí a bhaineann leatsa a aimsiú.
Tá Treoir Céim ar Chéim faoin bpróiseas le do chuntas a chruthú agus le do roghanna a roghnú curtha i láthair thíos
Tá fáil ar fhiseán freisin (thíos) a mhíníonn conas an tairseach a úsáid:
Eolas achomair do scoláirí, do thuismitheoirí agus do chaomhnóirí .
Tuilleadh eolais a chur ar fáil do phríomhoidí scoile, múinteoirí, tuismitheoirí agus scoláirí maidir le fiosruithe a ardaíodh le Coimisiún na Scrúduithe Stáit maidir leis na himeachtaí scrúdaithe a bheidh ar siúl thar thréimhse na Cásca agus ina dhiaidh sin, i.e. na béaltrialacha, feidhmíocht phraiticiúil Cheol na hArdteistiméireachta agus tascanna ATF. Leigh níos mo....
Is é aidhm an doiciméid seo treoir a chur ar fáil do bhainistíocht na scoile agus do na múinteoirí maidir le hagallaimh bhéaltrialacha na hArdteistiméireachta, 2021, a phleanáil, a eagrú, a dhéanamh agus a thaifeadadh.
Foilsíodh an nóta forlíontach seo an 24 Márta 2021.
Seo thíos treoirleabhar gairid físe do mhic léinn atá ag déanamh na scrúduithe béil
Achoimre ar na sonraí a bhaineann leis na béaltrialacha don Ardteistiméireacht agus don Ardeistiméireacht Fheidhmeach do tuismitheoirí agus scoláirí
D’fhéadfadh sé, i gcásanna áirithe, go ndearna an scoil cinneadh nach féidir marc/marcanna céatadáin measta a thaisceadh thar ceann iarrthóra.
Má rinneadh cinneadh nárbh fhéidir marc céatadáin measta a thaisceadh thar ceann an iarrthóra in ábhar ar leith, cuirfidh príomhoide na scoile é sin in iúl i scríbhinn d’iarrthóirí (idir 3 – 9 Meitheamh).
Chomh maith leis sin, cuirfear in iúl d’iarrthóirí nach bhfuil sásta leis an gcinneadh sin go bhfuil sé de cheart acu achomharc a dhéanamh in aghaidh an chinnidh.
Leagtar amach an treoir seo an próiseas nach mór a leanúint más mian le hiarrthóir achomharc a dhéanamh in aghaidh chinneadh na scoile gan marc céatadáin measta a thaisceadh.
Is í an tréimhse ama atá i gceist chun achomhairc ó iarrthóirí a thaisceadh ná ón Déardaoin 10 Meitheamh 2021 ag 9.00am go dtí an Luan 14 Meitheamh 2021 ag 12 a chlog meán lae.
Ba cheart an t-eolas atá sa treoir seo a léamh i gcomhar le doiciméid thábhachtacha eile (agus aon nuashonruithe ar na doiciméid sin atá ar fáil ar www.gov.ie ) lena n-áirítear;
Tá an treoir sea le haghaidh:
Tá treoir beochana ghearr ar fáil thíos d’fhoghlaimeoirí taobh amuigh den scoil agus do scoláirí a bhfuil ábhair á ndéanamh go hiomlán acu taobh amuigh den scoil.
Is é aidhm an chliorcláin seo sonraí a chur ar fáil maidir le raon feabhsaithe tacaíochtaí atá ar fáil do scoileanna chun tacú le reachtáil Scrúduithe na hArdteistiméireachta agus na hArdteistiméireachta Feidhmí agus próiseas na nGrád Creidiúnaithe in 2021.
Tugadh Grúpa Comhairleach de na príomhpháirtithe leasmhara le chéile chun comhairle a chur ar an Rialtas faoi na ceisteanna éagsúla go léir a bhaineann le reáchtáil scrúduithe 2021, lena n-áirítear ceisteanna a bhaineann le sláinte phoiblí agus bearta teagmhasachta cuí. Sa Ghrúpa Comhairleach, a bunaíodh i dtús báire i mí Aibreáin 2020 maidir le scrúduithe stáit 2020, tá ionadaithe scoláirí, tuismitheoirí, múinteoirí, comhlachtaí ceannaireachta agus bainistíochta scoile, Coimisiún na Scrúduithe Stáit, an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta, an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, an tÚdarás um Ardoideachas, agus an Roinn Oideachais, lena n-áirítear an tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais. Féach sonraí maidir le ballraíocht an ghrúpa agus ról an ghrúpa.
I mí Eanáir agus go luath i mí Feabhra 2021, tháinig foghrúpa den Ghrúpa Comhairleach le chéile roinnt uaireanta chun breithniú níos mine a dhéanamh ar cheisteanna a bhaineann le pleanáil do scrúduithe 2021.Léigh na ráitis a foilsíodh i ndiaidh na gcruinnithe sin.
Tá teagmháil leanúnach idir an Roinn Oideachais agus Sláinte Poiblí maidir le pleanáil do na scrúduithe stáit in 2021.