Is í Norma Foley an tAire Oideachais. Ceapadh í chuig an ról seo i mí an Mheithimh 2020.
Toghadh Norma chun ionadaíocht a dhéanamh ar dháilcheantar Chiarraí in olltoghchán 2020.
Bhí sí ina ball de Chomhairle Contae Chiarraí roimhe seo do cheantar Thrá Lí, áit a raibh sí ag fónamh ó 1994 go dtí gur toghadh í chun na Dála in 2020. D'fhóin sí freisin mar bhall de Chomhairle Ceantair Uirbeach Thrá Lí go dtí gur cuireadh deireadh leis an gComhairle in 2014.
Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le Ms Foley ag norma.foley@oireachtas.ie