Glao le haghaidh aighneachtaí i scríbhinn don Straitéis Náisiúnta Míchumais
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige i mbun na hoibre chun Straitéis Náisiúnta Míchumais nua a fhorbairt. D’iarr an Roinn ar an Údarás Náisiúnta Míchumais dul i gceannas ar ghnéithe áirithe den chomhairliúchán.
Tá an comhairliúchán comhdhéanta de roinnt snáitheanna. Áirítear leo sin fócasghrúpaí téamacha ar líne, ceistneoir náisiúnta, agus cruinnithe a bheidh de chineál chruinnithe halla an bhaile a sheolfar i bpearsa. Foilseofar tuilleadh faisnéise anseo sna seachtainí atá le teacht. Beifear in ann freisin aighneacht físeáin a dhéanamh – téigh anseo chun amharc ar fhíseán i dTeanga Chomharthaíochta na hÉireann ina dtaispeántar conas is féidir aighneacht a dhéanamh.
Tá cuireadh á thabhairt d’eagraíochtaí míchumais, agus d’Eagraíochtaí do Dhaoine faoi Mhíchumas go háirithe, chun aighneacht i scríbhinn a dhéanamh. Beidh an ceistneoir náisiúnta ar fáil do dhaoine aonair ach, más rud é nach bhfuil tú i do bhall d’eagraíocht agus gur mhaith leat aighneacht i scríbhinn a dhéanamh, beidh fáilte romhat déanamh amhlaidh.
Iarraimid ort go gcuirfeá béim sna freagraí uait ar réitigh agus gníomhartha inláimhsithe a bheifear in ann a chur chun feidhme chun feabhas a chur ar shaol na ndaoine a bhfuil míchumas orthu.
Freagair na ceisteanna thíos agus cuir an aighneacht uait isteach chuig nda-events@nda.ie faoin Aoine an 12 Eanáir 2024 , le do thoil.
Iarraimid ort cloí leis na huaslíonta focal a thugtar. Is féidir idir 400 focal agus 500 focal a chlóscríobh ar leathanach A4 nuair a úsáidtear méid cló 12 phointe agus spásáil líne singile idir línte.
Nóta: Aithnímid gur fearr le roinnt Eagraíochtaí do Dhaoine faoi Mhíchumas an téarma ‘Eagraíochtaí atá Ionadaíoch do Dhaoine faoi Mhíchumas’.
Is féidir leat an aighneacht uait a chur sa phost chuig an seoladh seo a leanas freisin:
An Comhairliúchán ar an Straitéis Náisiúnta Míchumais,
An tÚdarás Náisiúnta Míchumais,
25 Bóthar Chluaidh,
Baile Átha Cliath 4.
Conas a úsáidfear an aighneacht uait
Achoimreofar na haighneachtaí i scríbhinn agus cuirfear ar áireamh iad i dtuarascáil comhairliúcháin ina dtabharfar achoimrí ón suirbhé náisiúnta, ó na haighneachtaí físeáin agus ó na pléití fócasghrúpa freisin. Maidir leis na príomhthéamaí a eascróidh as na snáitheanna comhairliúcháin uile, cuirfear iad leis an bpróiseas forbartha straitéise ar bhonn leanúnach. Foilseofar an tuarascáil comhairliúcháin i dteannta na straitéise.
Le linn an phróisis anailíse, dealófar na tuairimí a bheidh curtha in iúl ag Eagraíochtaí do Dhaoine faoi Mhíchumas ó na tuairimí sin a bheidh curtha in iúl ag daoine eile, agus achoimreofar sa tuarascáil comhairliúcháin na fionnachtana ó Eagraíochtaí do Dhaoine faoi Mhíchumas ar leithligh agus leagfar béim ar aon tuairimí uathúla nó aon nithe ar leith a leagann Eagraíochtaí do Dhaoine faoi Mhíchumas béim orthu.
Ní luafar ainm aon eagraíochtaí ná ainm aon duine aonair sa tuarascáil comhairliúcháin. Ina ionad sin, bainfear úsáid inti as frásaí amhail ‘...luaigh Eagraíocht do Dhaoine faoi Mhíchumas...’, ‘...dúirt eagraíocht míchumais...’, ‘...leagadh béim in aighneacht ó dhuine aonair...’.
Íoslódáil an doiciméad Word go díreach thíos, le do thoil, chun an aighneacht uait a thosú.
Glao le haghaidh aighneachtaí i scríbhinn don Straitéis Náisiúnta Míchumais
Teimpléad le haghaidh Aighneachtaí i Scríbhinn i ndáil leis an Suirbhé Náisiúnta Míchumais