Comhairliúchán ar an Ráiteas Straitéise, 2024-2026
Foilsithe
Oscailte le haghaidh aighneachtaí ó
Dúnadh na haighneachtaí
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
Oscailte le haghaidh aighneachtaí ó
Dúnadh na haighneachtaí
An t-eolas is déanaí
Tá comhairliúchán dúnta
Ar an Aire Eiléana Nic an tSaoi TD a bheith ceaptha ina hAire Dlí agus Cirt, agus i gcomhréir leis an Acht um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí, 1997, tá Ráiteas nua Straitéise á fhorbairt againn don tréimhse 2024 - 2026.
Beidh an Clár Rialtais, tosaíochtaí barr-thábhachtacha Rialtais, creataí beartais agus saincheisteanna suntasacha eile mar bhonn eolais faoinár Straitéis, agus leagfar amach ár spriocanna ardleibhéil don tréimhse 2024 - 2026 ann.
Tá do thuairimí á lorg againn anois ar aon saincheisteanna straitéiseacha barr-thábhachtacha ar mhaith leat go ndéanfaí iad a bhreithniú agus an Ráiteas nua Straitéise á fhorbairt.
Tá an tAire Nic an tSaoi ag spreagadh a oiread daoine agus eagraíochtaí agus is féidir chun páirt a ghlacadh sa chomhairliúchán, ionas go n-éistfear le guthanna na ndaoine go léir a bhfuil spéis acu sna hábhair thábhachtacha seo.
Comhlánaigh an comhairliúchán ar líne anseo:
Ba mhaith linn buíochas a ghabháil leat roimh ré as do chuid aiseolais, ar féidir é a chur isteach go dtí am scoir gnó Dé hAoine, 6 Deireadh Fómhair, 2023 .
Cuideoidh do chomhairliúchán chun bonn eolais a chur faoi Ráiteas Straitéise na Roinne Dlí agus Cirt.
Tabhair do d’aire, le do thoil, go mbeidh freagraí comhairliúcháin faoi réir na nAchtanna um Shaoráil Faisnéise (i.e. an tAcht um Shaoráil Faisnéise, 1997, an tAcht um Shaoráil Faisnéise (Leasú), 2003, agus an tAcht um Shaoráil Faisnéise, 2014).
Chun an comhairliúchán a fheiceáil cliceáil ar an gcnaipe thíos.