Íomha: Eures banner ga

EURES na hÉireann

Tá EURES (Seirbhísí Eorpacha Fostaíochta) na hÉireann mar chuid de líonra d’os cionn 1,000 Comhairleoir EURES ar fud na hEorpa. Cuireann Comhairleoirí EURES seirbhísí eolais, treorach agus earcaíochta ar fáil do chuardaitheoirí poist agus d’fhostóirí araon a bhfuil suim acu i margadh fostaíochta na hEorpa. Bhunaigh an Coimisiún Eorpach chun saorghluaiseacht oibrithe laistigh de thíortha an Aontais Eorpaigh (AE)/an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch (LEE).

Tá EURES á chómhaoiniú ag an Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí agus ag Ciste Sóisialta na hEorpa mar chuid den Chlár CSE um Infhostaitheacht, Cuimsiú agus Foghlaim 2014-2020.

EURES na hÉireann

Fón: (01)6732739

Rphost: eures@welfare.ie

Seoladh: Seirbhísí Eorpacha Fostaíochta, An Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí, Teach Goldsmith, Sráid an Phiarsaigh, Baile Átha Cliath 2, Éire. D02 YY17

Is féidir leat teacht orainn chomh maith ar Facebook, Linkedin and @euresireland - Twitter.