Íomha: Amach Os Ard Banner

Amach Os Ard

Is feachtas náisiúnta é Amach Os Ard a dhéanann ceiliúradh ar dhaoine óga LGBTI+ agus a thugann léargas ar a sofheictheacht, a luach agus a gcuimsiú i gcultúr, sa tsochaí agus i spórt.

Seolfar an feachtas ar an Lá Idirnáisiúnta Teacht Amach ar an 11 Deireadh Fómhair, 2020 le gairm oscailte le haghaidh scéalta a léiríonn go soiléir conas a chuireann daoine óga agus daoine fásta ar bhealach dearfach leis an bpobal óg LGBTI+.

De réir mar a bheidh na haighneachtaí seo á bhfáil againn, beidh siad á gcur ar fáil ar na meáin shóisialta chun aird a tharraingt ar scéalta na ndaoine a bhfuil tionchar acu, a bhfuil oideachas á chur ar fáil acu agus a bhfuil gach earnáil den tsochaí á spreagadh acu ar mhaithe le daoine óga LGBTI+.

Cuirfear críoch leis an bhfeachtas in Eanáir 2021 le himeacht a reáchtálfar chun ceiliúradh a dhéanamh ar shaothar na bpobal éagsúil ar fud na tíre.

Tabharfar an leathanach cothrom le dáta de réir mar a leantar ar aghaidh leis an bhfeachtas agus is taispeántas ar líne le haghaidh na n-aighneachtaí a bheidh ann.

Tá tuilleadh eolais maidir le conas páirt a ghlacadh le fáil anseo.