An Ciste Gníomhaithe ar son na hAeráide
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá sé beartaithe ag an Aire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide maoiniú a chur ar fáil ón gCiste Gníomhaithe ar son na hAeráide, chun tacaíocht a sholáthar, trí chómhaoiniú, le haghaidh Tionscadail Ghníomhaíochta Caighdeánacha, a n-éiríonn leo maoiniú a fháil faoi Chlár LIFE an AE 2021 agus a mheastar a bhfuil critéir le haghaidh maoinithe ón gCiste Gníomhaithe ar son na hAeráide á gcomhlíonadh acu i ndiaidh próiseas meastóireachta iomaíoch a chur i gcrích.
Táthar anois ag fáiltiú roimh iarratais ar mhaoiniú faoin scéim chómhaoinithe seo.
An Ciste Gníomhaithe ar son na hAeráide Scéim Deontais Cómhaoinithe Chlár LIFE 2021 Foirm Iarratais
Má theastaíonn eolas mionsonraithe maidir le gairm ar thograí LIFE agus doiciméid a bhaineann leis an ngairm, féach ar shuíomh gréasáin LIFE Choimisiún na hEorpa anseo.
Ciallaíonn Tionscadail Ghníomhaíochta Chaighdeánacha tionscadail, seachas tionscadail chomhtháite straitéiseacha, tionscadail straitéiseacha nó tionscadail cúnaimh theicniúil, a dhéanann iarracht cuspóirí sonracha Chlár LIFE a chomhlíonadh.
Ní mór foirmeacha iarratais chomhlánaithe a sheoladh ar ais trí ríomhphost roimh 12 meán lae ar an 15 Deireadh Fómhair 2021 chuig ClimateActionFund@decc.gov.ie