Athruithe do Phinsean Stáit (Ranníocach)
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tugtar isteach athruithe do Phinsean Stáit (Ranníocach).
Is é an fáth atá leis seo ná go bhfuil daoine ag maireachtáil níos faide in Éirinn inniu, go bhfuil siad níos sláintiúla agus go bhfuil saolta níos gníomhaí acu agus go mbaineann níos mó daoine leas as pinsin stáit ar feadh tréimhse níos faide.
Áirítear leis na hathruithe seo:
Ó Eanáir 2024, feabhsóidh rochtain do Phinsean Stáit (Ranníocach) do chúramóirí fadtéarmacha.
Má tá níos mó na 20 bliain caite agat ag soláthar cúraim lánaimseartha, d'fhéafadh go bhfuil tú i dteideal do soláthar pinsin stáit feabhsaithe.
Gheobhaidh tú ionann is ranníocaíochtaí íoctha (ranníocaíochtaí cúramóirí fadtéarmacha) do thréimhsí níos mó na 20 bliain caite ag soláthar cúraim chun bearnaí i do thaifead ranníocaíochta a chlúdach atá ag teastáil chun an Pinsean Stáit (Ranníocach) a ríomh.
Is féidir teacht ar thuilleadh eolais faoi Ranníocaíochtaí Cúramóirí Fadtéarmacha anseo.
Beidh tú in ann cur isteach ar na ranníocaíochtaí seo ag MyWelfare.ie.
Ó Eanáir 2024, éireoidh an Pinsean Stáit (Ranníocach) níos solúbtha.
Beidh tú in ann do phinsean a tharraingt anuas ag aois ar bith idir 66 agus 70 ag úsáid roghanna solúbtha.
Tabharfaidh sé seo deis duit leanúint ar aghaidh ag obair, rud a d'fhéafadh feabhas a chur ar do thaifead ranníocaíochta nuair a shocraíonn tú dul ar scor.
Beidh tú fós in ann dul ar scor ag 66 agus do phinsean a tharraingt anuas sa bhealach chéanna is gur féidir leat inniu. Is féidir leat leanúint ar aghaidh ag obair go lánaimseartha tar éis do phinsean a tharraingt anuas.
Má éilíonn tú do phinsean os cionn aois 66, d'fhéadfadh go mbeidh tú i dteideal do ráta íocaíochta méadaithe go hachtúireach. Agus tú ag cur ar athlá, beidh tú in ann léanúint ar aghaidh ag déanamh ranníocaíochtaí ÁSPC chun do ráta pearsanta íocaíochta a mhéadú nó chun an coinníoll cáilitheach 520 (10 bliain) ranníocaíochtaí do Phinsean Stáit (Ranníocaíoch) a chomhlíonadh.
Ní bheidh tú in ann áfach, do ranníocaíochtaí a mhéadú thar an uasmhéid reatha de 2080 (40 bliain). Ciallaíonn sé sin go bhfuil sé riachtanach go bhfuil tú ar eolas faoin méid ranníocaíochtaí atá agat roimh do phinsean a tharraingt anuas.
Ó Eanáir 2025, bainfear an Meán-Mhodh Bliantúil de réir a chéile sna chéad 10 mbliana eile, a chiallaíonn go ríomhfar gach phinsean ag baint úsáide as Cur Chuige na Ranníocaíochta Iomlána (CCRI) amháin faoi 2034.
Le linn na hidirthréimhse 10 mbliana, ríomhfar pinsin ag úsáid dhá mhodh:
Chun cabhrú leat ráta an chéad Phinsean Stáit (Ranníocaíoch) eile a bhfaighidh tú a mheas, is féidir leat cóip de do Ráiteas Ranníocaíochta a iarraidh.