Oifigeach Cultúir nua ceaptha in Los Angeles chun láithreacht chruthaitheach na hÉireann sna Stáit Aontaithe a threisiú
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá ceapadh Síobhra Quinlan chuig post nua an Oifigigh Cultúir in Ard-Chonsalacht na hÉireann in Los Angeles fógartha ag an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD inniu. Cruthaíodh an post seo de réir aidhmeanna straitéis Éire Dhomhanda 2025, agus tá sé mar aidhm leis láithreacht chultúir dhomhanda na hÉireann ar chósta thiar na Stát Aontaithe a mhéadú. Tá an acmhainn nua straitéiseach seo á cur ar fáil i ndlúthpháirtíocht leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus déanfar freastal leis ar riachtanais an Rialtais i gcoitinne ar fud an domhain.
Dúirt an tAire Martin:
"Beidh ceapachán Síobhra sa phost seo ina chuid lárnach den chur chun cinn cultúir atá ar siúl ag Cultúr Éireann i gceantar LA agus ar an gcósta thiar i gcoitinne. Is dúiche thábhachtach í na Stáit Aontaithe atá ag cur deiseanna tábhachtacha ar fáil d’ealaíontóirí na hÉireann le fada an lá agus leis an bpost seo, déanfar an tionchar a bhíonn acu a uasmhéadú."
Is éard a dúirt an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Aire Cosanta, Simon Coveney, T.D.:
“Leis an ról nua straitéiseach seo mar chuid d’Éire Dhomhanda 2025, déanfar lorg coise na hÉireann i gceann de mhórmhoil chruthaitheachta an domhain a láidriú níos mó, trí bheith ag obair mar chuid d’Fhoireann na hÉireann a bheidh lonnaithe i dTeach nua na hÉireann in Los Angeles."
Roghnaíodh Síobhra Quinlan ar bhonn próiseas earcaíochta oscailte a fógraíodh go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta. Is Léiritheoir Cruthaitheach, Coimeádaí agus Ealaíontóir í Síobhra Quinlan, a bhfuil a cuid oibre fréamhaithe i gcomhshaothair idirdhisciplíneacha agus idirchultúrtha. Trína cuid oibre léiriúcháin, coimeádaíochta agus taibhithe, d’oibrigh sí le go leor de na príomheagraíochtaí i ndomhan ealaíona na hÉireann, in Éirinn (Other Voices, Ireland’s Edge, an Ceoláras Náisiúnta, Féile Lá Pádraig, Gaillimh 2020) agus go hidirnáisiúnta (Centre Culturel Irlandais, Féile Liteartha Franc-Éireannach, Féile Ealaíon & Scríbhneoirí na hÉireann, CA).
Beidh Oifigeach Cultúir LA ag obair i gcomhar le hOifigeach Cultúir Nua-Eabhrac chun camchuartaíocht ealaíontóirí na hÉireann a mhéadú agus chun scaipeadh an lucht féachana ar fud na SA a leathnú, ag cur le cáil láidir na hÉireann i leith na cruthaitheachta.