Foilsíonn an tAire Sláinte Cur Chuige Straitéiseach na Roinne Sláinte maidir le COVID-19
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fhoilsigh an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD, inniu Cur Chuige Straitéiseach na Roinne Sláinte maidir le COVID-19 a Bhainistiú: Ullmhacht don Fhómhar/Geimhreadh 2022/23.
Leagtar amach sa tuarascáil straitéis na Roinne Sláinte maidir le COVID-19 a bhainistiú d'Fhómhar/Geimhreadh 2022/2023 agus leagtar béim ar leith ar ullmhacht agus ar phleanáil theagmhasach.
Tá an tuarascáil bunaithe ar mhonatóireacht chuimsitheach leanúnach ar an staid eipidéimeolaíochta, ar threoir idirnáisiúnta, ar theagmháil leanúnach ar fud fheidhmeanna éagsúla na Roinne agus FSS, agus ar obair an Ghrúpa Chomhairligh um COVID-19 agus an tSainghrúpa Chomhairligh um Athchóiriú Sláinte Poiblí.
Cuirtear cuspóirí straitéiseacha na Roinne i láthair go téamach sa tuarascáil mar seo a leanas:
Leagtar amach sa tuarascáil freisin ‘plean freagartha éigeandála', ina sonraítear na pleananna teagmhasacha atá i bhfeidhm chun a chinntiú gur féidir le hÉirinn a freagairt ar COVID-19 a ghéarú go cuí i gcás athraitheach nua a chuireann sláinte an daonra i mbaol. Clúdaíonn an plean práinnfhreagartha príomhréimsí freagartha sláinte poiblí, amhail faireachas, tástáil agus rianú teagmhálaithe, vacsaíniú, idirghabhálacha neamhchógaisíochta (NPIanna), bearta sriantacha sláinte poiblí, cumarsáid agus struchtúir freagartha straitéisí trasrialtais.
Dúirt an tAire Donnelly:
“Tá áthas orm an tuarascáil seo a fhoilsiú, a thugann léargas ar obair mo roinne le roinnt míonna anuas maidir le hullmhacht don gheimhreadh agus pleanáil theagmhasach i gcomhthéacs na freagartha leanúnaí ar COVID-19. Go traidisiúnta, is tréimhse dhúshlánach í tréimhse an gheimhridh dár seirbhísí sláinte agus cúraim shóisialta. Mar is eol dúinn, níl an phaindéim thart, agus meastar go gcuirfidh COVID-19 ualach suntasach breise ar ár seirbhís sláinte thar thréimhse an gheimhridh amach romhainn.
“Tá ullmhacht don gheimhreadh agus obair phleanála theagmhasach ar siúl le tamall anuas sa Roinn Sláinte faoi cheannaireacht an Phríomhoifigigh Leighis, an tOllamh Breda Smyth. Tá cur chuige straitéiseach na Roinne i leith bainistíocht COVID-19 bunaithe freisin ar mholtaí an Ghrúpa Chomhairligh COVID-19 agus an tSainghrúpa Chomhairligh um Athchóiriú Sláinte Poiblí. Is mian liom aitheantas a thabhairt don obair luachmhar a rinne Comhaltaí an dá ghrúpa agus gabhaim buíochas leo as a dtiomantas agus as a gcuid ama."
Dúirt an tOllamh Smyth:
“Tráth an ama seo trí bliana ó shin, ní raibh a fhios againn cad a bhí le teacht. Níor cheapamar riamh go bhféadfadh víreas cosúil le COVID dul i bhfeidhm ar gach duine againn, rud a chuirfeadh isteach ar shaol gach duine agus, faraor, a mbeadh géarbhreoiteacht agus bás mar thoradh air dár ndaoine muinteartha. Cinntíonn Freagairt Straitéiseach na Roinne do Bhainistíocht COVID-19 go bhfuilimid chomh ullmhaithe agus is féidir linn a bheith le réasún i leith gach eachtra an geimhreadh seo.
“Leanfaidh m'oifig ag déanamh dlúthmhonatóireachta ar phróifíl eipidéimeolaíochta an ghalair sna seachtainí agus sna míonna amach romhainn d'fhonn aon chomhairle bhreise agus aon mholtaí breise a d'fhéadfadh a bheith ina gcabhair maidir le freagairt na paindéime a chur ar fáil. Cuireadh tábhacht an fhaireachais leanúnaigh, go sonrach le linn shéasúr an gheimhridh, in iúl trí threoir agus cumarsáid idirnáisiúnta ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS), ón Lárionad Eorpach um Ghalair a Rialú (ECDC), agus ón gCoimisiún Eorpach.
“Tá sé tábhachtach coinneáil cothrom le dáta le sceideal do vacsaíní agus a chinntiú go bhfaighidh tú teanndáileog a luaithe a bheidh tú incháilithe – tugann vacsaíní deis iontach duit do chosaint a bhreisiú. Tá FSS tar éis tús a chur le teanndáileoga de vacsaín COVID-19 agus vacsaín fliú a riar. Tá siad ar fáil freisin ó dhochtúirí teaghlaigh rannpháirteacha agus ó Chógaslanna rannpháirteacha agus is féidir iad a thabhairt ag an am céanna. Mura bhfuair tú príomhdháileog den vacsaín COVID-19 fós, is féidir leat socrú a dhéanamh é sin a dhéanamh agus do vacsaín fliú a fháil freisin."
Tá Cur Chuige Straitéiseach na Roinne Sláinte i leith COVID-19 a Bhainistiú: Ullmhacht don Fhómhar/Geimhreadh 2022/23 ar fáil anseo .