Is féidir gach marbh-bhreith a tharla in Éirinn ón 1 Eanáir 1995 ar aghaidh a chlárú ach níl sé riachtanach é a dhéanamh. Chun marbh-bhreith a chlárú, caithfidh go raibh meáchan nach lú ná 500 gram nó aois sa tréimhse iompair nach lú ná 24 seachtaine ar an leanbh nuair a rugadh é/í, is tábhachtach nár léirigh an leanbh cosúlacht ar bith go raibh sé/sí beo ag am a mbreithe.
Cláraítear marbh-bhreitheanna in aon oifig chlárúcháin shibhialta áitiúil - cliceáil ar an nasc chun seoladh poist agus seoladh ríomhphoist d’Oifig Chlárúcháin Shibhialta áitiúil a aimsiú .
Tabhair leat ID fótagrafach agus fianaise i scríbhinn maidir leis an marbh-bhreith. Is féidir deimhniú a fháil ag am an chláraithe, agus ní bhíonn aon táille i gceist.
Déantar na sonraí seo a leanas a thaifeadadh ar Chlár na Marbh-bhreitheanna:
Is féidir eolas den chineál céanna a thaifeadadh maidir leis an athair.
Más rud é gur tharla marbh-bhreith roimh an 1 Eanáir 1995, beidh fianaise shonrach ag teastáil chun an marbh-bhreith a chlárú. D’fhéadfadh an fhianaise seo a bheith ina ráiteas údarásach i scríbhinn ó ospidéal, ó theach altranais nó ó bhean chabhrach ina luaitear dáta agus áit na breithe, meáchan an linbh agus/nó a (h)aois sa tréimhse iompair. Féadfaidh an Cláraitheoir glacadh le cineálacha eile fianaise ach cead a fháil ón bPríomh-Chláraitheoir.
Is féidir deimhniú a fháil ag am an chláraithe agus ní bhíonn táille i gceist.
Cóip ar bith eile den deimhniú a fhaightear ina dhiaidh sin, caithfear í a fháil ó Oifig an Ard-Chláraitheora.
Déan teagmhail le hOifig an Ard-Chláraitheora ar +353 (0)90 6632900 nó ar Íosghlao 0818 253070.