D’fhéadfadh neamhláithreacht ghairid ón scoil tarlú ar chúinsí agus i gcásanna éagsúla i rith na scoilbhliana.
D’fhéadfadh neamhláithreachtaí dá leithéid a bheith íoctha nó neamhíoctha, le nó gan clúdach ionadaíochta.
Chun eolas a fháil ar Shaoire Force Majeure agus ar Shaoire Bhreoiteachta Teaghlaigh do mhúinteoirí, féach Ciorclán 0058/2023 .
Chun tuilleadh eolais a fháil ar neamhláithreachtaí gairide nó gearrthéarmacha Múinteoirí, féach Ciorclán 32/2007 .
Chun tuilleadh eolais a fháil ar neamhláithreachtaí gairide nó gearrthéarmacha CRSanna, féach Ciorclán 0032/2010 .
Ní mór do Mhúinteoirí iarratas a dhéanamh i scríbhinn, le fógra leordhóthanach, chuig a bhfostóir reatha (ag baint úsáide as foirm iarratais má tá fáil ar a leithéid).
Ní mór do Chúntóirí Riachtanas Speisialta iarratas a dhéanamh i scríbhinn, le fógra leordhóthanach, chuig a bhfostóir reatha de réir Chiorclán 0032/2010.