Scéim saoire tuismitheora do mhúinteoirí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Is tréimhse saoire reachtúil gan phá í saoire tuismitheora atá ar fáil don tuismitheoir iomchuí chun cur ar a gcumas cúram a sholáthar don leanbh nó cúnamh a thabhairt maidir le cúram a sholáthar don leanbh. Ní mór saoire do thuismitheoirí a thógáil laistigh de 24 mhí ó dháta breithe an linbh nó i gcás uchtaithe, an lá ar tháinig an leanbh isteach.
Múinteoir, atá ina thuismitheoir ábhartha ar leanbh a rugadh nó a uchtaíodh, an 1 Samhain 2019 nó ina dhiaidh sin, tá sé nó sí i dteideal uasmhéid 7 seachtaine de Shaoire do Thuismitheoirí le héifeacht ón 1 Iúil 2022, faoi réir critéir cháilitheacha.
Féach Ciorclán 0050/2022 dar teideal ‘Scéim Saoire do Thuismitheoirí do Mhúinteoirí Cláraithe atá fostaithe i mBunscoileanna agus in Iar-Bhunscoileanna Aitheanta’ chun tuilleadh eolais a fháil.
Tá CRS, atá ina thuismitheoir ábhartha ar leanbh a rugadh nó a uchtaíodh, an 1 Samhain 2019 nó dá éis, i dteideal uasmhéid 7 seachtaine de Shaoire do Thuismitheoirí le héifeacht ón 1 Iúil 2022, faoi réir critéar cáilitheach.
Féach Imlitir 0051/2022 dar teideal ‘Scéim Saoire do Thuismitheoirí do Chúntóirí Riachtanas Speisialta atá fostaithe i mBunscoileanna agus in Iar-Bhunscoileanna Aitheanta’ chun tuilleadh eolais a fháil
Ní mór do mhúinteoir an Fhoirm Iarratais ag Aguisín A a chomhlánú agus í a chur chuig a bhfostóir (nó ar an gcóras cuí BOO, más cuí) 6 seachtaine ar a laghad roimh an dáta tosaithe atá beartaithe.
Ní mór do CRS an Fhoirm Iarratais ag Aguisín A a chomhlánú agus í a chur faoi bhráid a bhfostóir (nó ar an gcóras ábhartha BOO, más infheidhme) 6 seachtaine ar a laghad roimh an dáta tosaithe atá beartaithe.