Foireann ar Bhoird Oideachais agus Oiliúna (seachas múinteoirí agus cúnamh riachtanas speisialta)
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Nóta Faisnéise ESR ETB 0001/2024
Tá an nóta seo á eisiúint chun a chur in iúl do BOOanna go bhfuiltear tagtha ar chomhaontú maidir le tairiscint do theagascóirí atá fostaithe ag BOOanna i suíomhanna Oideachais Aosach, Pobail agus Breisoideachais. Baineann an tairiscint le Teagascóirí a chur ar scála pá incriminteach. Cinnfidh gach teagascóir cé acu fanacht ar na rátaí pá reatha nó bogadh chuig an scála pá nua ag teacht leis an bpróiseas feidhmithe a comhaontaíodh.
Víreas is ea an coróinvíreas (COVID-19) ar féidir leis a bheith ina chúis le breoiteacht a chuireann isteach ar na scamhóga agus na haerbhealaí.Ba cheart d'fhostóirí agus d'fhostaithe cloí leis an treoir atá leagtha amach ag FSS agus/nó a ndochtúir.
Tá oibleagáidí ar an bhfostóir faoin Acht um Shábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair 2005 sábháilteacht agus leas na foirne ag an obair a chinntiú.
Tá sé de rogha ag fostóir saoire speisialta le pá a dheonú d'fhostaí i gcás ina dtugtar deimhniú cuí leighis nó deimhniú ó FSS ar fháthmheas COVID-19 nó ina moltar féin-leithlisiú de réir threoirlínte FSS.
Nóta Faisnéise ESR ETB 0001/2023
COVID-19: Athruithe ar Shaoire Speisialta le Pá ó 22 Bealtaine 2023 d’Fhoireann seachas Múinteoirí agus Cúntóirí Riachtanais Speisialta (CRSanna) atá fostaithe i BOOanna (fostaithe)
0029/2023
Úsáidtear an téarma “neamhláithreacht ghairid” chun cur síos a dhéanamh ar neamhláithreachtaí gearrthéarmacha ócáideacha atá ceadaithe ag an bhfostóir. Is é cuspóir an Chiorcláin seo breac-chuntas a thabhairt ar na téarmaí agus na coinníollacha le haghaidh saoire a dheonú d’fhostaithe i leith neamhláithreachtaí gairide.