Múinteoirí ar iasacht chuig Scoileanna Eorpacha
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Beidh an post mar Leas-Stiúrthóir do Shraith an Mheánoideachais de Scoil Eorpach na Bruiséile II folamh ar an 1ú Meán Fómhair 2024.
Tá na sonraí faoi conas iarratas a dhéanamh ar an bpost seo ar fáil sa Fógra Poiblí agus sa Nóta Faisnéise atá ar fáil thíos:
Fógra Poiblí don Phost mar Leas-Stiúrthóir do Shraith an Mheánoideachais de Scoil Eorpach na Bruiséile II
Nóta Faisnéise don Phost mar Leas-Stiúrthóir do Shraith an Mheánoideachais de Scoil Eorpach na Bruiséile II
Seol isteach trí ríomhphost chuig European_Schools@education.gov.ie doiciméad PDF amháin ina bhfuil Curriculum Vitae 'Europass' mar aon leis na doiciméid riachtanacha go léir, mar atá leagtha amach sna rialacháin ag an nasc thíos:
*Regulations for the Appointment and Evaluation of Directors and Deputy Directors of the European Schools
Regulations for the Appointment and Evaluation of Directors and Deputy Directors of the European Schools
Ní mór comhaid iarratais chomhlánaithe a sheoladh chuig An Rannóg um Chomhar Idirnaisiúnta sa Roinn Oideachais faoi 17.00 ar an gCéadaoin, 08 Bealtaine 2024
Tá an dáta deiridh caite anois le haghaidh iasachtaí bunscoile i Scoileanna an AE 2024/2025.
Fógrófar folúntais don bhliain 2025/2026 anseo i mí na Samhna/Nollaig 2024.
Tá an dáta deiridh caite anois le haghaidh Iasachtaí Meánscoileanna i Scoileanna an AE 2024/2025.
Fógrófar folúntais don bhliain 2025/2026 anseo i mí na Samhna/Nollaig 2024.
De ghnáth, bíonn gá le heolas oibre ar theanga phobail na Scoile Eorpaí, seachas Béarla nó Gaeilge. Tá eolas ar theanga na tíre fostaíochta thar a bheith inmhianaithe. Déanfar measúnú ar chumas inniúlachta sa teanga seo in agallamh ar líne. Cé go mbítear ag súil le hinniúlacht bhunúsach labhartha i dteanga roghnaithe an iarrthóra de ghnáth, má éiríonn le hiarrthóir i ngach slí eile ag an agallamh agus má gheallann sé/sí teanga feithicleach nó teanga na tíre óstaí a fhoghlaim le linn dóibh a bheith ar iasacht chuig na Scoileanna Eorpacha, breathnófar air sin go fabhrach.
Faigheann múinteoirí tuarastal a íocann an Roinn Oideachais, atá inphinsin faoi Scéim Pinsin na Múinteoirí. Cuirtear leis sin le tuarastal Eorpach a íocann na Scoileanna Eorpacha. Tá sonraí maidir le luach saothair agus liúntais do mhúinteoirí ar fáil ar shuíomh gréasáin na Scoileanna Eorpacha www.eursc.eu . Is iasacht ar feadh uastréimhse naoi mbliana é gach post
Tá dáta deiridh na bhfolúntas bunscoile caite anois.
Tá dáta deiridh na bhfolúntas Meánscoile thart anois.
Ceisteanna Coitianta ar fáil anseo
Ceisteanna Coitianta ar fáil – Múinteoirí ar iasacht chuig na Scoileanna Eorpacha
Má tá ceist bhreise agat, déan teagmháil le:
Scoileanna Eorpacha, An tAonad um Chomhar Idirnáisiúnta, An Roinn Oideachais ag an seoladh ríomhphoist seo a leanas: European_Schools@education.gov.ie