Is é atá i gceist le Saoire Atharthachta ná tréimhse amháin de 2 sheachtain i ndiaidh a chéile chun saoire íoctha a thabhairt don mhúinteoir (múinteoir cuí) chun cúram a thabhairt don leanbh nó chun cuidiú le cúram a thabhairt dó/di, nó chun tacaíocht a thabhairt don mháthair nó do thuismitheoir uchtála an linbh, cibé cé acu, nó an dá rud. Is féidir tús a chur le saoire atharthachta uair ar bith ó dháta breithe nó dáta socrúcháin an linbh go dtí 26 seachtain ina dhiaidh sin, ach amháin má chuirtear an tsaoire ar athlá sa chás go mbíonn ar an leanbh dul isteach san ospidéal.
Le haghaidh tuilleadh eolais, féach Scéim Saoire Atharthachta atá i gCiorclán 0054/2019 dar teideal 'Scéimeanna Saoire do Mhúinteoirí Cláraithe atá fostaithe i mBunscoileanna agus in Iar-bhunscoileanna aitheanta'.
De bharr athruithe reachtaíochta, tá leasú ar an Scéim um Shaoire Atharthachta do Mhúinteoirí. Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach le do thoil do Nóta Faisnéise TC 0004/2022
Ní mór do mhúinteoir an Fhoirm Iarratais in Aguisín A a chomhlánú agus a chur isteach go dtí a f(h)ostóir 4 seachtaine ar a laghad roimh an dáta tosaithe atá beartaithe.
Le héifeacht ó 01 Meán Fómhair 2016, beidh Cúntóirí Riachtanas Speisialta i dteideal Saoire Atharthachta leasaithe mar seo a leanas Ciorclán 0058/2016
De bharr athruithe reachtaíochta, tá leasú ar an Scéim Saoire Atharthachta do CRSanna, atá i gCiorclán 0058/2016. Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach le do thoil do Nóta Faisnéise TC 0005/2022
Cuirtear in iúl do gach cúntóir riachtanas speisialta ar mian leo an deise saoire seo a thapú go gcaithfidh siad iarratas scríofa a chur faoi bhráid a bhfostóra ceithre seachtaine sular mian leo an tsaoire a thógáil.
B'fhéidir go mbeadh ranníocóirí ÁSPC, Aicme A, E, agus H i dteideal Sochar Tuismitheoireachta. Tá tuilleadh eolais ar fáil ón Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí