Íomha: An Coimisiún Tithíochta

An Coimisiúin Tithíochta

Clár an Rialtais agus Tithíocht do Chách: I bPlean Nua Tithíochta d’Éirinn tá gealltanas ann Coimisiún Tithíochta a bhunú.

Tá sé de chúram ar an gCoimisiún scrúdú a dhéanamh ar shaincheisteanna cosúil le tionacht, caighdeáin, inbhuanaitheacht agus ceisteanna chaighdeán na beatha maidir le soláthar tithíochta, a mbíonn tionchar fadtéarmach acu ar fad ar phobail.

Cuimseoidh sé seo feidhmiú éifeachtach na margaí tógála agus soláthair. Déanfaidh an Coimisiún moltaí freisin maidir leis an bhfoclaíocht um reifreann ar thithíocht.