Fógraíonn an tAire Naughton ceapachán Bhord nua na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta lena n-áirítear ionadaí daltaí a cheapadh
- Foilsithe: 30 Márta 2026
- An t-eolas is déanaí: 30 Márta 2026
D’fhógair an tAire Oideachais agus Óige Hildegarde Naughton TD inniu gur ceapadh bord nua na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG), lena n-áirítear ionadaí ó Aontas Daltaí Iar-bhunscoile na hÉireann, atá ceaptha aici don Bhord den chéad uair, ar feadh téarma ceithre bliana go dtí an 28 Feabhra 2030.
Tá ról tábhachtach ag COGG maidir le raon beartas agus pleananna gníomhaíochta a chur i bhfeidhm chun tacú leis an nGaeilge, lena n-áirítear an Polasaí don Oideachas Lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht a foilsíodh le déanaí agus an Plean Gnímh don Ghaeilge i Scoileanna Meán-Bhéarla.
Ghabh an tAire Naughton buíochas freisin leis na comhaltaí atá ag dul as oifig de Bhord COGG as a dtiomantas agus a rannchuidiú le ceithre bliana anuas.
Dúirt an tAire Naughton: “Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le comhaltaí nua an Bhoird as a gceapachán agus buíochas a ghabháil leo as a saineolas a roinnt agus a gcuid ama a thabhairt don obair thábhachtach atá ar siúl ag COGG maidir le tacú le foghlaim, teagasc agus measúnú na Gaeilge.”.
“Táim tiomanta a chinntiú go gcloistear guthanna leanaí agus daoine óga maidir le cinntí a dhéantar a théann i bhfeidhm orthu agus mar sin tá cinneadh déanta agam guth an dalta a chur le Bord COGG lena chinntiú go mbíonn guth comhionann ag foghlaimeoirí ag an mbord”.
Leanann téarma Chathaoirleach an Bhoird, Cathnia Ó Muircheartaigh, go dtí an 28 Feabhra 2027 agus mar sin fanann sé sa phost. Dá bhrí sin, is mar seo a leanas atá an Bord nua:
| Comhlacht Ainmniúcháin | Ainm |
|---|---|
| An tAire Oideachais agus Óige | *Cathnia Ó Muircheartaigh (Chairperson) |
| Údarás na Gaeltachta | Máire de Báicéir |
| Údarás na Gaeltachta | Seán Mac Donnacha |
| Gaeloideachas | Cormac Ó Tuairisg |
| Gaeloideachas | Máiréad Ní Chatháin Uí Chonchúir |
| Foras Na Gaeilge | *Niamh Nic Cana |
| Cumann Múinteoirí Éireann (INTO) | *Máirin Ní Chéileachair |
| Cumann na Meánmhúinteoirí, Éire (ASTI) | *Lorraine Finn |
| Aontas Múinteoirí Éireann (TUI) | *Gilbert de Búrca |
| An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) | *Bairbre Ni Thuairisg |
| An Roinn Oideachais agus Óige | *Fiona Ni Mheachair |
| An Chomhairle Curaclaim, Scrúduithe agus Measúnachta (CCEA) | *Eoin Ó Coisneacháin |
| Aontas Daltaí Iar-bhunscoile na hÉireann, Oifigeach Gaeilge | Rónán Ó hÍcí |
*athcheapadh
CRÍOCH
Nótaí d’Eagarthóirí:
An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG)
Tá Bord nua COGG comhdhéanta de sheacht n-athcheapachán agus 5 cheapachán nua. Leanfaidh téarma an Chathaoirligh reatha ar aghaidh go dtí an 28 Márta 2027.
Tá Oifigeach Gaeilge d’Aontas Daltaí Iar-bhunscoile na hÉireann (ISSU) ceaptha ag an Aire ar Bhord COGG den chéad uair, ag cur ghuth na scoláirí i gcroílár an phlé ar theagasc agus ar fhoghlaim na Gaeilge inár scoileanna.
Bunaíodh COGG faoin Acht Oideachais 1998 agus is iad seo a leanas a chuid feidhmeanna:
- soláthar téacsleabhar agus áiseanna d’fhoghlaim agus do theagasc trí Ghaeilge a phleanáil agus a chomhordú
- comhairle a thabhairt don Aire maidir le beartais a bhaineann le hoideachas trí mheán na Gaeilge a sholáthar agus a chur chun cinn i scoileanna aitheanta i gcoitinne agus i scoileanna atá lonnaithe i limistéar Gaeltachta
- seirbhísí tacaíochta a sholáthar do na scoileanna sin trí mheán na Gaeilge, agus
- taighde a sheoladh ar aon ní nó ar gach ní lena mbaineann an mhír seo, agus
- soláthar téacsleabhar agus áiseanna d’fhoghlaim agus do theagasc na Gaeilge a phleanáil agus a chomhordú agus taighde a sheoladh ar straitéisí agus comhairle a thabhairt don Aire maidir le straitéisí arb é is cuspóir dóibh éifeachtacht i dteagasc na Gaeilge i scoileanna aitheanta agus in ionaid oideachais a fheabhsú
Tá foireann feidhmiúcháin lánaimseartha de 23 ag COGG faoi láthair, faoi stiúir an Phríomhfheidhmeannaigh.
Is ionann maoiniú deontais COGG ón roinn in 2026 agus €4.816m.
Tá suíomh gréasáin COGG ar fáil ag www.cogg.ie
Feidhmeanna an Bhoird:
Tá an Bord freagrach as gníomhaíochtaí COGG a stiúradh, as treoir straitéiseach a chur ar fáil don fhoireann feidhmiúcháin agus as faireachán a dhéanamh ar éifeachtacht na bainistíochta.
Níl aon táillí iníoctha le comhaltaí na Comhairle.
Cothromaíocht inscne
I gcomhréir leis na Treoirlínte maidir le Ceapacháin chuig Boird Stáit, tá cothromaíocht inscne curtha san áireamh ag an Aire agus na ceapacháin sin á ndéanamh aige chuig an mBord, i gcomhréir le tiomantas an Rialtais chun sprioc a bhaint amach maidir le hionadaíocht 40 faoin gcéad de gach inscne ar gach Bord Stáit.
Comhlíonann an bord nua an ceanglas maidir le cothromaíocht inscne.
Comhaltaí ainmnithe a cheapadh ar Bhoird Stáit
Sonraítear sna Treoirlínte maidir le Ceapacháin ar Bhoird Stáit go bhfuil díolúintí áirithe ann a bhaineann le daoine a cheapadh ar bhoird stáit, lena n-áirítear:
“Sa chás go bhfuil comhaontú nó socrú i bhfeidhm faoina lorgaíonn Airí ainmniúcháin lena gceapadh ar Bhoird Stáit ó phríomheagraíochtaí páirtithe leasmhara (amhail ceardchumainn, eagraíochtaí fostóirí, ionadaithe feirmeoireachta nó comhlachtaí deonacha)”.