Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Cabhrú sa phobal


Tá grúpaí áitiúla ó chlubanna spóirt go cumainn chónaitheoirí agus daoine aonair buartha chun tosaigh ar thionscnaimh áitiúla chun tacú le daoine leochaileacha agus atá scoite amach go sóisialta ina gcuid pobail.

Glao an Phobail

Tá plean seolta ag An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail dar teideal Glao an Phobail chun tacú le hobair na ndaoine atá ag cinntiú go gcoinnítear na daoine is leochailí inár bpobal slán agus sábháilte.

Bhunaigh gach údarás áitiúil (comhairle) Fóram Freagartha Pobail chun tacaíochtaí pobail a bhaineann le COVID-19 a chomhordú. Mar chuid de seo, tá líne chabhrach bunaithe ag gach údarás áitiúil ar féidir le daoine leochaileacha glaoch uirthi má tá siad ag lorg seirbhísí bunúsacha mar sheachadadh bia nó béilí, nó iompar le haghaidh turais riachtanacha.

Seo liosta d’uimhreacha teileafóin na línte cabhrach i ngach údarás áitiúil.

Is mian liom cabhrú nó obair dheonach a dhéanamh

Más mian leat obair dheonach a dhéanamh, is féidir leat clárú le d’Ionad Deonach áitiúil nó clárú ar líne ag www.i-vol.ie. Beidh baint dhíreach ag roinnt de na hoibrithe deonacha leis an ráig COVID-19 agus d’fhéadfadh cuid eile a bheith ag cabhrú le heagraíochtaí pobail gnáthsheirbhísí a choinneáil ag rith.

Tá Obair Dheonach Éireann díreach tar éis a feachtas #volunteerfromhome a sheoladh a dhíríonn ar an méid is féidir le daoine a dhéanamh chun cabhrú ón mbaile. Is éard a bheidh i gceist leis an bhfeachtas seo róil dheonacha gur féidir a dhéanamh ón mbaile a chur chun cinn, tacú le heagraíochtaí deiseanna obair dheonach ón mbaile a chruthú agus treoir agus acmhainní a fhorbairt maidir le conas oibrithe deonacha a bhainistiú ón mbaile. Is féidir leat tuilleadh faisnéise faoi seo a fháil ag www.volunteer.ie.

Is féidir leat cabhrú freisin trí obair dheonach a dhéanamh go neamhfhoirmiúil i do phobal féin, mar shampla trí chabhrú leo siúd atá i gcatagóir atá i mbaol lena gcuid siopadóireachta nó trína gcuid oideas a bhailiú agus mar sin de.

Tá líonra 1,600 club CLG ag tacú le pobail ar fud na tíre trí oibriú i gcomhpháirtíocht le soláthraithe áitiúla riachtanacha chun bia, breosla, oidis agus earraí ríthábhachtacha eile a sheachadadh dóibh siúd atá ag cocúnú nó atá ar éagumas. Má tá fonn ort obair dheonach a dhéanamh, déan teagmháil le do chlub áitiúil nó cláraigh do spéis le Obair Dheonach Éireann. Tá an iarracht mhór dheonach seo nasctha leis na struchtúir nua Fóram Freagartha Pobail i ngach contae.

Má shocraíonn tú cúnamh a thabhairt nó obair dheonach a dhéanamh tá sé thar a bheith tábhachtach go bhfuil tú maith go leor chun é sin a dhéanamh, agus nár thaistil tú lasmuigh d’Éirinn le 14 lá anuas.

Nuair atá cuairt bhaile á déanamh agat:

  • glaoigh agus deimhnigh an lá agus an t-am má tá cuairt socraithe, glaoigh ar an duine nuair atá tú lasmuigh dá dteach
  • déan sláinteachas lámh sula bhfágann tú d’fheithicil
  • má tá tú ag fágáil siopadóireacht/oideas agus mar sin de ag an teach, is féidir é a fhágáil ag an doras agus glaoch a chur chun iad a chur ar an eolas
  • más gá duit dul isteach sa teach, buail cloigín an dorais nó cnag os ard agus seas siar 2 mhéadar, cuir in iúl don duine cé tú féin, taispeáin d’aitheantas más ó eagraíocht dheonach tú
  • iarr ar an duine bogadh go seomra eile agus lean na treoirlínte maidir le cocúnú faoi lámha a ní agus fad fisiceach a choinneáil
  • bain na earraí as na málaí agus cinntigh go bhfuil siad inrochtana don duine
  • cuir an duine ar a suaimhneas go gcoimeádfar teagmháil agus seachadtaí fad a bheidh siad sa bhaile
  • déan sláinteachas lámh sula bhfillfidh tú ar d'fheithicil
  • má deir an duine nach bhfuil sé/sí ag aireachtáil go maith fiafraigh an bhfuil teagmháil déanta acu le Dochtúir Teaghlaigh, agus mura bhfuil, déan teagmháil leis thar a gceann
  • sula bhfágann tú deimhnigh am agus dáta na chéad chuairte eile

Mura bhfuil aon fhreagra nuair a thagann tú:

  • glaoigh ar uimhir theileafóin teagmhála eile má tá sé agat
  • mura bhfuil ag éirí leat tar éis go leor iarrachtaí teagmháil a dhéanamh leis an duine, déan teagmháil leis na seirbhísí éigeandála chun tuilleadh cúnaimh a fháil
  • fan ag an áit chónaithe go dtí go dtagann na seirbhísí éigeandála

Le haghaidh tuilleadh comhairle maidir le conas obair dheonach a dhéanamh go sábháilte, féach an Pacáiste Cumarsáide do Phobail.

Teastaíonn oibrithe deonacha uaim

Tá sé tábhachtach a chuimhneamh go bhfuil dea-chleachtas bainistíochta oibrithe deonacha tábhachtach go háirithe le linn géarchéime. Cibé an bhfuil tú i do bhainisteoir deonach le taithí nó má tá tú ag bainistiú oibrithe deonacha den chéad uair, is féidir le bainistíocht dheonach le linn éigeandála a bheith an-difriúil.

Tá treoirlínte forbartha ag Obair Dheonach Éireann do ghrúpaí ar mian leo oibrithe deonacha a earcú. Tá teimpléid phraiticiúla d'oibrithe deonacha forbartha acu atá dírithe ar thacú le grúpaí a bhfuil gá dóibh oibrithe deonacha a earcú le linn na tréimhse seo. Tá siad seo ar fáil anseo.

Chruthaigh Obair Dheonach Éireann sraith seimineár gréasáin agus físeán freisin chun cabhrú le bainistiú na n-oibrithe deonacha. Seo ceann maidir le tacaíocht a thabhairt d'oibrithe deonacha.

Tá cabhair á fáil agam ó oibrí deonach

Má tá cabhair á fáil agat, ba cheart go mbeadh sábháilteacht mar phríomhthosaíocht agat.

Seo roinnt treoirlínte simplí chun do shábháilteacht agus do shlándáil a chinntiú:

  • lean treoirlínte cocúnú faoi níochán lámh agus scaradh fisiceach
  • ná freagair an doras do dhuine nach bhfuil aithne agat air
  • ná lig aon duine isteach i do theach mura bhfuil sé go hiomlán riachtanach
  • ná tabhair do chuid sonraí bainc d’aon duine nach bhfuil aithne agat orthu nó nach bhfuil muinín agat astu
  • iarr cárta aitheantais i gcónaí má thagann duine chuig do dhoras ó eagraíocht. Má bhíonn aon amhras ort, glaoigh ar an eagraíocht chun sonraí a fhíorú
  • má thairgtear cúnamh duit agus má airíonn tú míchompordach téigh i dteagmháil leis an nGarda Síochána ar 999/122 nó le líne chabhrach aitheanta má theastaíonn tacaíocht uait, mar shampla ALONE ar 0818 222 024 agus Seniorline ar 1800 80 45 91
  • ná ceannaigh 'trealamh tástála' nó ábhair thástála eile ó aon fhoinse. Cuirfidh FSS tástálacha leighis ar fáil saor in aisce má theastaíonn siad
  • bíodh uimhir dhuine muinteartha, chara nó chomharsa agat ar láimh ar eagla go mbeadh ort glaoch ar dhuine. Má bíonn amhras ort go bhfuil duine ag iarraidh calaois a dhéanamh, déan teagmháil le do stáisiún Gardaí áitiúil

Ag coinneáil i dteagmháil

Tá sé an-tábhachtach go gcoinnítear teagmháil shóisialta le daoine atá scoite amach ina dtithe ag an am seo, fiú mura bhfuil ann ach glao cairdiúil teileafóin. Fiú más rud é nach oibrí deonach foirmiúil tú, bheadh sé ina chabhair dá bhféadfá glaoch nó téacs a chur chuig duine leochaileach i do cheantar.

Tá réimse tionscnamh ann freisin ar féidir le daoine leas a bhaint astu le linn na tréimhse seo:

  • soláthraíonn ALONE líne tacaíochta teileafóin, seacht lá na seachtaine ó 8am - 8pm, do gach duine aosta, a dteaghlaigh, agus dóibh siúd atá leochaileach ó thaobh sláinte de. Má theastaíonn aon chomhairle, dearbhú nó tacaíocht bhreise uait cuir glaoch orthu ag: 0818 222024
  • Gardaí - má tá aon imní sábháilteachta ort, nó má theastaíonn aon earraí riachtanacha uait, déan teagmháil leis an nGarda Síochána, beidh siad breá sásta cabhrú leat nó tú a threorú chuig seirbhísí ábhartha
  • Bothán na bhFear Tá an feachtas #CallThemForACuppa á reáchtáil ag Bothán na bhFear a thugann spreagadh do daoine glaoch orthu siúd a d’fhéadfadh a bheith scoite amach le haghaidh comhrá
  • Third Age Ireland Tá líne teileafóin do dhaoine scothaosta ag Third Age Ireland atá ina seirbhís éisteachta rúnda do dhaoine scothaosta, le oibrithe deonacha oilte. Saorghlao 1800 804591
  • Friends of the Elderly Reáchtálann Friends of the Elderly seirbhís chairdiúil glaonna dóibh siúd nach bhfuil uathu ach comhrá. Tá sé ar fáil saor in aisce agus ar fud na tíre. Glaoigh ar 01 8731855
How can I volunteer
Advice for people who wish to volunteer and for organisation who wish to recruit volunteers.
Amharc amharc
Advice for people giving support
Advice for people giving support during COVID-19.
Amharc amharc
Sensible volunteering
Key advice for those volunteering and those who are receiving support from volunteers on keeping safe.
Amharc amharc
How to protect against fraud and generate trust
Advice on how citizens can protect themselves against fraud and how volunteers can build relationships with citizens.
Amharc amharc