Déileáil leis sa bhaile
- Foilsithe: 3 Aibreán 2020
- An t-eolas is déanaí: 16 Aibreán 2025
- Gnáthamh nua a chruthú
- Ag tacú le do leanbh sa bhaile
- Obair scoile
- Strus a bhainistiú
- Ag coinneáil i dteagmháil
- Cruthaitheacht
- Sos a ghlacadh
- Caidrimh
- Ag obair sa bhaile
- Do shláinte fhadtéarmach a bhainistiú
Bíonn sé deacair ag gach duine dul in oiriúint do bheith sa bhaile go lánaimseartha.
Tá cuid againn ag iarraidh cothromaíocht a fháil idir obair ón mbaile, agus scolaíocht bhaile, do bheith inár gcócaire, inár múinteoir corpoideachais, agus na bearnaí atá fágtha ag cairde a líonadh.
Agus tá cuid againn uaigneach sa bhaile agus tá na laethanta fada agus deacair a líonadh.
Gnáthamh nua a chruthú
Seans go bhfuil tionchar ag an ráig COVID-19 ar do ghnáthamh ar bhealaí éagsúla. Ach le linn tréimhsí deacra mar seo, is fearr más féidir struchtúr éigin a choinneáil i do lá.
Má chruthaímid gnáthamh nua cabhróidh sé linn fanacht gnóthach agus smacht a bheith againn ar ár gcuid ama:
- cruthaigh plean don lá - cuir san áireamh roinnt aclaíochta, gníomhaíochtaí sóisialta, agus roinnt sosanna amaithe
- éirigh agus gléas tú féin ag do ghnáth-am agus cabhróidh sé sin leat tús maith a chur leis an lá
- déan iarracht a chinntiú go bhfaigheann tú féin agus do theaghlach dóthain codlata. Tá codladh an-tábhachtach do do mheabhairshláinte agus d'fholláine agus go háirithe le linn na tréimhsí corraitheacha seo
Féach ar ár dtreoir maidir le dóthain codlata a fháil anseo.
Ag tacú le do leanbh sa bhaile
Táimid timpeall ar a chéile 24/7 agus is féidir leis sin a bheith strusmhar agus teannas a chruthú.
Tá pointe lárnach faisnéise forbartha ag an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige, Parents Centre, ar féidir le tuismitheoirí a úsáid chun faisnéis agus tacaíocht ardchaighdeáin a fháil.
Tá roinnt leideanna simplí againn freisin chun cabhrú le gach duine a bheith ag tarraingt go maith lena chéile.
Leanaí
- cloí le sceideal agus gnáthamh - Cabhróidh sé le do leanbh mothú níos sábháilte má tá a fhios aige cad a bheidh á dhéanamh aige agus cathain
- tuig go bhféadfadh siad a bheith imníoch agus eaglach faoi chúrsaí mar atá faoi láthair. Labhair leo, tabhair aitheantas dá n-eagla agus cuir ar a suaimhneas iad
- déan cinnte go bhfaigheann siad codladh ar ardchaighdeán – tá sé tábhachtach go dtéann siad a chodladh thart ar an am céanna agus a rachaidís dá mbeidís fós ag dul ar scoil
- ní mór go mbeadh do leanaí gníomhach gach lá. Tá gach gníomhaíocht, is cuma cé chomh gairid, tábhachtach - bíodh an leanbh ag siúl, ar scútar nó ag imirt go gníomhach sa bhaile
- fág am agat féin gach lá - fiú mura bhfuil ann ach cúpla nóiméad
- déan iarracht a bheith ag súgradh le do leanaí gach lá - mar shampla dul síos ar an urlár leo, ag súgradh le “Lego” nó fiú pictiúir a dhathú le chéile. Is féidir caidreamh láidir a thógáil le do leanbh trí a bheith ag súgradh leo
- tá súgradh lárnach i sláinte agus folláine choirp, mheabhrach, shóisialta agus mhothúchánach leanaí. Foghlaimíonn leanaí trí bheith ag súgradh agus forbraíonn siad athléimneacht, solúbthacht agus tuiscint ar a ndomhan. Seo Linn ag Súgradh in Éirinn is tionscnamh é seo faoi stiúir an rialtais atá dírithe ar shúgradh a chur chun cinn i measc leanaí a chónaíonn in Éirinn le linn na héigeandála COVID-19
- dearfacht tuismitheoirí - mol do leanbh nuair a thugann tú dea-iompar faoi deara, is cuma cé chomh beag
- déan neamhaird ar mhí-iompar beag, chomh fada is nach bhfuil do leanbh nó daoine eile á gcur i mbaol. Má leantar le mí-iompar beag, nó má tá sé níos tromchúisí, beidh ort rud éigin a dhéanamh. Déan iarracht gan béic a ligean. Má fhreagraíonn tusa go socair tá seans níos fearr ann go mbeidh do leanbh níos socra amach anseo. Is iondúil go mbíonn míniú láidir níos éifeachtaí
- lig cead dóibh cuid dá gcinntí féin a dhéanamh. Méadóidh sé sin muinín, neamhspleáchas agus tabharfaidh sé deis dóibh foghlaim ó bhotúin
- ná bí ag troid faoi gach aon rud - Ná déan iarracht gach rud a athrú. Is féidir le hathruithe beaga difríocht mhór a dhéanamh
- bíodh a fhios nach bhfuil a leithéid de rud ann agus tuismitheoir foirfe. Bí i do thuismitheoir maith go leor. Foghlaimímid go léir trí thriail a bhaint as cleasanna éagsúla
Daoine óga
- tá modúl oiliúna ar líne dar teideal One Good Coach forbartha ag an gCumann Lúthchleas Gael, i gcomhar le Jigsaw, an tIonad Náisiúnta um Eolaíocht na hInnealtóireachta Bithleighis . Bunaithe ar an taighde is déanaí ó Jigsaw, tá an t-ábhar idirghníomhach deartha chun cabhrú le cóitseálaithe (nó aon duine a bhíonn ag plé le daoine óga) tuiscint níos fearr a fháil ar an gcaoi ar féidir leo tacú lena meabhairshláinte agus lena bhfolláine agus chun feasacht a mhéadú ar na dlúthnaisc idir sláinte choirp agus meabhairshláinte
- tá "Gaisce sa Bhaile" díreach seolta ag an nGradam Gaisce do dhaoine óga ar mhaith leo leanúint ar aghaidh lena nGradam nó tús a chur le Gradam Gaisce. Cuidíonn an dámhachtain seo le daoine óga a bheith gníomhach, scil a fheabhsú, agus cuidiú ina bpobal (agus na srianta reatha á leanúint acu). Le haghaidh tuilleadh faisnéise téigh chuig gaisce.ie
- tá léiriú déanta ag Comhairle Contae Chorcaí ar Teen Talks sraith físeán ó chainteoirí éagsúla maidir leis an réimse Sláinte agus Folláine, agus meabhairshláinte go háirithe. Is féidir leat na físeáin seo a fháil anseo
- tá go leor faisnéise ag SpunOut do dhaoine óga chun dul i ngleic le saincheisteanna a thagann chun cinn mar gheall ar an ráig COVID-19, go háirithe maidir le haire a thabhairt dá meabhairshláinte agus dá bhfolláine. Le haghaidh tuilleadh faisnéise téigh chuig SpunOut.ie
Le haghaidh comhairle agus faisnéise breise is féidir leat teagmháil a dhéanamh le Parentline ag 1890 927 277, Barnardos ag 1800 910 123 nó téigh chuig www.mychild.ie.
Ag caint le leanaí faoi COVID-19
Leanaí
- agus muid ag labhairt lenár bpáistí faoi COVID-19 tá sé an-tábhachtach a bheith socair. Cé go gcaithfimid a bheith macánta lenár leanaí caithfimid a chinntiú nach gcuirimid eagla orthu
- cuimhnigh go bhféadfadh leanaí a bheith ag cloisteáil na nuachta ar an teilifís agus ar an raidió agus ag féachaint ar thuairiscí nuachta agus mar sin d’fhéadfadh go mbeadh imní mhór orthu. Tá sé tábhachtach go mbeadh a fhios acu go bhféadfaidh siad labhairt leat faoi aon eagla a d’fhéadfadh a bheith orthu agus go dtabharfar éisteacht dóibh
- trí úsáid a bhaint as acmhainní atá oiriúnach do leanaí chun múineadh dóibh faoi COVID-19 agus na céimeanna is féidir leo a thógáil chun iad féin a chosaint, tabharfar muinín agus freagracht dóibh, agus go bhfuil ról acu sa rud ar fad
Tá comhairle iontach ag an Roinn Oideachais agus Scileanna ar conas labhairt le leanaí agus le daoine óga faoi COVID-19.
Daoine óga
- d’fhéadfadh go bhfuil go leor faisnéise á fheiceáil ag daoine óga ar na meáin shóisialta agus nach dtagann sí ó fhoinsí iontaofa i gcónaí. Is féidir le faisnéis mhíchruinn agus bhréagach a bheith ina cúis mhór imní agus mhíshuaimhnis. Treoraigh iad chuig áiteanna ar féidir leo faisnéis chruinn a fháil. Má bhíonn na fíricí ar eolas acu, braithfidh siad go bhfuil níos mó smachta acu
- le haghaidh tuilleadh faisnéise ar conas imní faoi COVID-19 a láimhseáil i measc daoine óga téigh chuig Spunout.ie
Obair scoile
Le linn na tréimhse seo teastaíonn tacaíocht ó leanaí agus ó dhaoine óga chun gnáthaimh nua a chruthú a choinneoidh gnóthach iad agus a thabharfaidh níos mó smachta dóibh ar a saol. Tá gnáthaimh agus sceidil ríthábhachtach chun cabhrú leo tríd an gcéim seo gan fasach ina saol. Beidh siad níos sábháilte agus níos suaimhní má bhíonn lá struchtúrtha agus intuartha acu.
Ní oibríonn sé do gach duine a bheith ag cloí le tráthchlár iomlán obair scoile. Cruthófar strus agus teannas níos measa sa bhaile má chuireann tú iallach orthu, go háirithe má tá roinnt leanaí scoile agat. Bí solúbtha agus ciallmhar.
Tá a fhios againn go bhfuil go leor daoine faoi strus. Tá roinnt acmhainní cruthaithe ag an Roinn Oideachais agus Scileanna do thuismitheoirí, do leanaí agus do dhaoine óga le cuidiú leo.
Tá liosta acmhainní ar-líne cruthaithe ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus tá siad ar fáil anseo.
Leanaí
- tá sceideal agus gnáthamh ríthábhachtach chun scolaíocht bhaile a éascú. Cuidíonn éirí agus gléasadh thart ar an am céanna ar maidin leis an gcuid eile den lá a leagan amach
- má dhéantar an obair is gá a pleanáil roimh ré rachaidh rudaí gan stró. Cuideoidh sé freisin le leanaí níos óige oibriú níos fearr leo féin agus mearbhall a sheachaint
Seo nasc chuig plean samplach don lá ón Roinn Oideachais agus Scileanna. B’fhéidir nach n-oibreoidh gach rud i do sceideal, cuimhnigh gur féidir an plean a athrú agus go bhfuil sé fós idir lámha.
- má bhíonn sosanna sneaiceanna sláintiúla agus sosanna aclaíochta rialta ann cabhróidh sé le haird agus spreagadh a chothabháil
- is acmhainní iontacha do leanaí bunscoile iad RTÉ Home School Hub ag 11am gach lá, agus Cúla4 Ar Scoil
ní gá go mbeadh scolaíocht bhaile bunaithe ar obair scoile agus sin amháin. Is deis iontach é an t-am seo chun scileanna saoil iontacha a mhúineadh do do leanaí. Iarr orthu páirt a ghlacadh in obair tí, in ullmhú bia, garraíodóireacht agus cúraimí ginearálta timpeall an tí
- tá sé tábhachtach freisin am cruthaitheach a chuimsiú i do ghnáthamh laethúil. Tá smaointe iontacha ag Éire Ildánach
- coinnigh súil ar am scáileáin - déan iarracht cothromaíocht a choinneáil idir foghlaim agus súgradh ar an scáileán agus ar shiúl ón scáileán
Daoine óga
- is tréimhse imníoch é seo do leanaí níos sine a d’fhéadfadh a bheith buartha faoi scrúduithe nó obair scoile. Tabhair spreagadh do dhaoine óga leanúint ar aghaidh le hobair scoile ach ná cuir brú orthu má bhíonn an cuma orthu go bhfuil siad trína chéile nó róbhuartha
- tá roinnt acmhainní cruthaithe ag an Roinn Oideachais agus Scileanna do thuismitheoirí, do leanaí agus do dhaoine óga
Áirítear orthu sin:
- teicnící scíthe
- treoir do thuismitheoirí atá ag tacú le leanaí lena ngnáthaimh
- conas labhairt le leanaí agus daoine óga faoi COVID-19
Tá podchraoladh cruthaithe acu freisin ar theicnící scíthe is féidir leat a fháil anseo.
Tá liosta acmhainní ar-líne cruthaithe ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus tá siad ar fáil anseo.
Strus a bhainistiú
Is eachtra nua dhúshlánach é scaipeadh COVID-19. D’fhéadfadh go mbeadh níos mó imní ar dhaoine áirithe ná daoine eile agus b’fhéidir go mbeadh tacaíocht bhreise ag teastáil uathu.
Is iomaí rud is féidir leat a dhéanamh chun aire a thabhairt de do mheabhairshláinte le linn na tréimhse seo. Léigh tuilleadh faoi aire a thabhairt de do mheabhairshláinte le linn na ráige COVID-19.
Tá roinnt soláthraithe seirbhíse ann a thairgeann tacaíochtaí agus seirbhísí meabhairshláinte ar líne agus ar an bhfón. Áirítear orthu sin comhairleoireacht ar líne, seirbhísí teileafóin agus téacs chomh maith le tacaíochtaí ar líne atá le fáil ar www.yourmentalhealth.ie.
Stress Control
Is clár creidiúnaithe saor in aisce é Stress Control a mhúineann scileanna saoil duit chun dul i ngleic le strus. Cuidíonn an clár linn comharthaí struis a aithint agus clúdaíonn sé ábhair lena n-áirítear an tionchar a bhíonn ag strus ar ár gcorp agus ar ár smaointe. Múineann sé scileanna chun mothúcháin scaollmhara a shárú agus tugann sé leideanna chun oíche mhaith codlata a fháil.
Thosaigh an clár seo Dé Luain an 13 Aibreán. Tá sé mhodúl ann a chraoltar Dé Luain agus Déardaoin ag 2pm agus ag 8.30pm. Níl ort ach dul chuig Stresscontrol.org agus clárú gan aon chostas ar an gcainéal YouTube agus inseofar duit cathain a chraolfar an chéad mhodúl eile.
Aipeanna chun tacú le do mheabhairshláinte
Is féidir leis na haipeanna seo cabhrú le d'imní a bhainistiú. Tá siad athbhreithnithe agus ceadaithe lena liostáil anseo, ag grúpa i FSS (Foghrúpa Athbhreithnithe Aipeanna maidir le Meabhairshláinte).
Mindshift (le Anxiety Canada)
Uirlis fhéinchabhrach atá furasta le húsáid agus atá bunaithe ar straitéisí eolaíochta cruthaithe, múineann MindShift CBT faoi imní, ag cabhrú le húsáideoirí dul i mbun smaointeoireachta sláintiúla agus gníomhú i leith na himní. Seiceálann úsáideoirí isteach gach lá chun a n-imní a rianú agus oibriú le huirlisí san aip.
Tá sí le fáil san App Store nó ar Google Play.
Clear Fear
Is aip é Clear Fear a forbraíodh don charthanas meabhairshláinte do dhéagóirí Stem4 a úsáideann cóireáil bunaithe ar fhianaise CBT chun díriú ar fhoghlaim conas na freagairtí fisiciúla ar bhagairt a laghdú trí fhoghlaim conas análú, scíth a ligean agus a bheith aireach chomh maith le smaointe agus iompraíochtaí a athrú agus mothúcháin a scaoileadh. Féadfaidh tú an aip a phearsanú más mian leat agus beidh tú in ann do dhul chun cinn a rianú agus aon athrú a thabhairt faoi deara.
Tá sí le fáil san App Store nó ar Google Play.
Headspace
Is aip shoghluaiste aitheanta í Headspace a mhúineann machnamh agus scileanna machnamhachta atá éasca le húsáid. Déan do thuras a mhapáil, do dhul chun cinn a rianú, agus na sochair a bhreith leat i do shláinte agus d'fholláine. Is féidir leat fiú 'comrádaí' a bheith agat agus a chéile a spreagadh ar an mbealach.
Tá sí le fáil san App Store nó ar Google Play.
Ag coinneáil i dteagmháil
Tá sé thar a bheith tábhachtach fanacht ceangailte le linn na tréimhse seo. Cuideoidh coinneáil ceangailte le do chairde agus do mhuintir linn le gach duine teacht tríd an dhroch-thréimhse seo.
Ciallaíonn ár dteicneolaíocht go bhfuil éagsúlacht mhór bealaí ann inar féidir linn nasc a dhéanamh lena chéile:
- grúpaí ar líne - cé nach féidir leat bualadh le do ghnáthghrúpa cairde, is féidir le comhrá grúpa ar líne, na meáin shóisialta nó glaonna físe a chinntiú go bhfanfaidh gach duine ceangailte
- dóibh siúd atá ag cocúnú nó ina n-aonar, is féidir le teagmháil trí ghlaonna teileafóin nó físe a bheith ina líne tharrthála le linn laethanta fada nó uaigneacha
- le scoileanna dúnta, airíonn leanaí uathu a gcairde go léir. Is féidir le glaonna físe rialta agus fiú cuid de na cluichí roinnte ar líne a chinntiú go dtugtar aire do na cairdis sin
- do dhaoine óga agus do dhéagóirí is féidir leis na meáin shóisialta agus cluichíocht ar líne a bheith ina mbealach iontach chun fanacht i dteagmháil lena gcairde
- le linn tréimhsí struis, is féidir le cairde agus teaghlaigh a bheith ina bhfoinse mhaith tacaíochta. Cuimhnigh, má tá tú faoi strus nó imníoch, is mór an cuidiú é rudaí a phlé le duine. Ní gá duit ligean ort féin go bhfuil tú láidir nó déileáil le rudaí leat féin, ní gá ach an fón a phiocadh suas
- más mian leat faisnéis a fháil faoi sheirbhísí nó tacaíochtaí gairmiúla téigh chuig yourmentalhealth.ie
Cruthaitheacht
Anois agus muid caitheamh níos mó ama sa bhaile, is deis iontach é a bheith cruthaitheach nó sean-chaitheamh aimsire a phiocadh suas in athuair. Nuair a dhéanann tú rud éigin cruthaitheach is féidir leis do ghiúmar a fheabhsú agus foghlaimíonn tú scileanna nua, agus is bealach iontach é sin chun aire a thabhairt de do mheabhairshláinte.
Le linn na tréimhse seo tá rogha acmhainní cruthaitheacha saor in aisce á dtairiscint ag Éire Ildánach ar fud na hÉireann chun cabhrú leat #CruthúSaBhaile.
Ó mhúsaeim agus dánlanna go healaíontóirí Éireannacha agus eagraíochtaí, tá an oiread sin bealaí ann chun tú a choinneáil cruthaitheach agus d’intinn a choinneáil gníomhach agus tú i d’aonar.
D'fhéadfadh sé a bheith an-simplí cosúil le:
Scéalta a scríobh agus a léamh
- tá Leabharlanna Éireann ag obair i bpáirt le foilsitheoirí agus scríbhneoirí as Éirinn chun am scéalaíochta fíorúla a sholáthar do leanaí. Is féidir leat tuilleadh faisnéise a fháil anseo
- leabhar a léamh nó éisteacht le scéal - Is féidir leat a bheith páirteach sa leabharlann ar líne ag leabharlanna.ie agus ríomhleabhair a íoslódáil le léamh ar do ghléas féin
- tá roinnt acmhainní iontacha ag Fighting Words chun tacú le scríbhneoireacht chruthaitheach le linn COVID-19 do dhaltaí bunscoile agus iar-bhunscoile araon
- cuireann Músaem Litríochta na hÉireann i láthair Bright Sparks Creative Bursts, sraith cluichí scríbhneoireachta laethúla agus spreagadh do leanaí a chruthaigh an scríbhneoir cáiliúil Sarah Webb a bhfuil duaiseanna bainte amach aici
Dearadh agus ceardaíocht
- sheol Comhairle Dhearaidh agus Cheardaíochta na hÉireann (DCCI) Get Ireland Making. Craolfar ceardlanna idirghníomhacha céim ar chéim agus ranganna teagaisc físe gearra ar chainéal YouTube DCCI
Ar an gcainéal seo is féidir leat foghlaim conas:
- tarraingt nó péinteáil
- amhrán nua a fhoghlaim
- rang damhsa a dhéanamh ar líne
- cniotáil/fuáil
- cócaireacht nó bácáil
Is bealach álainn é a bheith cruthaitheach le do leanaí freisin chun am a chaitheamh le chéile agus muinín do leanaí a threisiú.
Is féidir leat tuilleadh smaointe a fháil ó Éire Ildánach ar:
Taitneamh a bhaint as an Dúlra
- d'fhorbair Uiscebhealaí Éireann go leor ábhar praiticiúil oideachais do leanaí bunscoile le haghaidh gníomhaíochta sa bhaile nó sa nádúr. Roinneann siad naisc agus ábhar inspioráideach do theaghlaigh le húsáid sna seachtainí amach romhainn agus muid ag maireachtáil trí scaradh sóisialta agus aonrú. I measc na ngníomhaíochtaí atá beartaithe tá dathú, báirse a dhéanamh as earraí tí, dul ar shiúlóid bhithéagsúlachta
- tá réimse gníomhaíochtaí ag Incredible Edibles tá réimse gníomhaíochtaí ar a láithreán gréasáin, ó acmhainní chun cabhrú le leanaí foghlaim faoi bhianna éagsúla, go leideanna maidir le garraíodóireacht
Sos a ghlacadh
Bíonn faisnéis faoin víreas ar an teilifís, an raidió agus sna meáin shóisialta i gcónaí. D’fhéadfadh sé a bheith iomarcach duit féin agus do do theaghlach araon.
Cé go bhfuil sé tábhachtach coinneáil suas chun dáta leis na teachtaireachtaí is déanaí, tá sé tábhachtach freisin céim ar gcúl a thabhairt agus scíth a thógáil.
Déan am a sceidealú gach lá chun do mheáin shóisialta, agus an nuacht is déanaí, a sheiceáil. Cruthaítear imní agus strus nuair a bhíonn muid ag seiceáil gan staonadh. Cruthaíonn mífhaisnéis agus ráfla crá duit féin agus do do leanaí agus mar sin déan cinnte go bhfuil tú ag brath ar fhoinsí iontaofa mar FSS agus an Roinn Sláinte.
Tá rudaí éagsúla ann a chabhróidh leat éirí as a bheith ag éisteacht agus ag féachaint agus do scíth a ligean:
- aclaíocht - tá aclaíocht iontach chun strus a mhaolú agus do ghiúmar a fheabhsú. Tá roinnt leideanna iontacha againn anseo
- teicnící scíthe a chleachtadh
- leabhar a léamh nó éisteacht le scéal - Is féidir leat a bheith páirteach sa leabharlann ar líne ag leabharlanna.ie agus ríomhleabhair a íoslódáil le léamh ar do ghléas féin
- bí cruthaitheach
- rang ióga a dhéanamh ar líne
- FaceTime a úsáid le haghaidh comhrá le do chara
- féachaint ar scannán greannmhar nó seó teilifíse
- cé go bhfuil gach láithreán oidhreachta OPW dúnta faoi láthair, tá ailt á foilsiú ag Cartlann OPW gach lá chun cabhrú leat na láithreáin seo a fheiceáil agus is féidir leat foghlaim faoina stair, a n-áitritheoirí agus na hoibreacha agus na daoine a bhfuil baint acu lena gcaomhnú don Náisiún. Tá scéal nua corraitheach i ngach postáil a thabharfaidh rud éigin duit le bheith ag súil leis nuair a bheidh muid in ann taisteal arís. Amharc ar leathanach Facebook OPW anseo
Caidrimh
Nuair a bhíonn muid timpeall ar a chéile an t-am ar fad, in éineacht le himní faoi bhreoiteacht, leanaí, airgead, nó gaolta breoite, cuireann sé struis agus brú ar chaidrimh.
Tá sé thar a bheith tábhachtach go dtabharfaidh tú aire duit féin agus do do chaidrimh ag an am seo.
Ní aireoidh tú chomh trína chéile agus ní bheidh daoine ag argóint lena chéile:
- déan iarracht roinnt ama ciúin a fháil duit féin gach lá, fiú mura bhfuil ann ach cúpla nóiméad
- tá sé tábhachtach go mbeadh do shláinte fhisiciúil agus do mheabhairshláinte gníomhach go fisiciúil. Feabhsóidh sé cáilíocht do chodlata freisin
- bí ar an eolas faoi d’iontógáil alcóil agus conas a d’fhéadfadh sé dul i bhfeidhm ort. Téigh chuig askaboutalcohol.ie le haghaidh tuilleadh faisnéise
- déan cinnte go bhfaigheann tú codladh ar chaighdeán maith - is féidir leat a bheidh cantalach nuair a bhíonn tú tuirseach
- má tá páirtí agat, cuimhnigh go bhféadfadh na hábhair imní chéanna a bheith acu agus atá agatsa. D’fhéadfadh go mbeadh siad ag déileáil leis na mothúcháin seo ar bhealach difriúil
- fág am chun labhairt le chéile i bhur n-aonair faoi aon eagla nó imní a bhíonn oraibh
- má tá tú féin agus do pháirtí sa bhaile, déan iarracht cúraimí tí a roinnt agus a bheith ag faire amach don scolaíocht agus súgradh le do leanaí. Déan iarracht sosanna a thabhairt dá chéile más féidir leat
- fanacht ceangailte le baill eile den teaghlach agus le cairde ar an bhfón, nó trí ghlaonna físe
- má tá imní nó strus ort faoi shaincheisteanna airgeadais a bhaineann le COVID-19 tá tacaíochtaí ar fáil chun cabhrú leat. Téigh chuig Item was unpublished or removed le haghaidh tuilleadh faisnéise ar íocaíochtaí gaolmhara nó chuig Láitheán Gréasáin na Seirbhíse Buiséadaithe agus Comhairle Airgid (MABS) chun comhairle a fháil ar conas bainistíocht a dhéanamh ar ioncam laghdaithe
Ag obair sa bhaile
Cé nach féidir é a dhéanamh i gcónaí, ba chóir iarracht a dhéanamh an obair a scaradh ó shaol an bhaile. Déan iarracht spás ar leithligh a aimsiú le bheith ag obair ann más féidir leat.
Má tá tú ag obair ón mbaile agus ag tabhairt aire do leanaí ní mór duit gnáthamh nua a chruthú chun a chinntiú gur féidir leat a bheith táirgiúil agus éilimh an bhaile a bhainistiú. Beidh gá le pleanáil chúramach agus réitigh chruthaitheacha uaireanta.
Pleanáil do laethanta roimh ré le cinntiú go bhfuil a fhios ag gach duine cad a bheidh á dhéanamh acu agus cathain:
- cloí le do ghnáthamh oiread agus is féidir
- cloí le gnáth-amanna le haghaidh bricfeasta, lón agus dinnéar an oiread agus is féidir
- tabhair sos do do shúile ó scáileáin ar feadh cúpla nóiméad gach uair an chloig
- déan aclaíocht, sín agus téigh amach ag siúl más féidir
- déan iarracht a cinntiú go bhfaighidh tú scíth agus go bhfaighidh tú oíche mhaith codlata
- ccoinnigh i dteagmháil le do theaghlach agus le cairde
Do shláinte fhadtéarmach a bhainistiú
D’fhéadfadh go mbeadh daoine a bhfuil tinneas fadtéarmach orthu i mbaol ó thinneas tromchúiseach a bhaineann le COVID-19 agus beidh orthu a bheith an-chúramach chun iad féin a chosaint.
Gheobhaidh tú roinnt leideanna praiticiúla chun cabhrú leat anseo.