Glac Páirt
- Foilsithe: 4 Aibreán 2019
- An t-eolas is déanaí: 13 Eanáir 2022
Éire Shláintiúil
Is tionscnamh faoi stiúir an rialtais é Éire Shláintiúil a bhfuil sé mar aidhm aige sochaí a chruthú in Éirinn inar féidir le cách sult a bhaint as sláinte fhisiciúil agus intinne, ina bhfuil meas ar fholláine agus ina dtacaítear le folláine ar gach leibhéal den tsochaí.
Is féidir leat dul i dteagmháil linn ach na sonraí thíos a úsáid:
Healthy Ireland
- Seoladh:
- Block 1, Miesian Plaza, 50-58 Lower Baggot Street, Dublin 2, D02 XW1
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
+353(0)16354000
Cathracha agus Contaetha Sláintiúla
Is clár é Cathracha agus Contaetha Sláintiúla a dhéanann:
- sláinte agus folláine fad saoil a chur chun cinn
- modh a chur ar fáil lenar féidir le saincheisteanna áitiúla tionchar a imirt ar bheartas náisiúnta
- glór a thabhairt d'Éirinn ar Líonra Cathracha Sláintiúla Náisiúnta na hEorpa de chuid na hEagraíochta Domhanda Sláinte (EDS)
Is féidir le hÚdaráis Áitiúla, trína gCoiste um Fhorbairt Pobail Áitiúil, iarratas a chur isteach ar bhallraíocht i Líonra Náisiúnta Cathracha agus Contaetha Sláintiúla na hÉireann. Le linn an phróisis sin, baintear úsáid as critéir EDS atá bunaithe ar an gcreatlach beartais sláinte Eorpach, Sláinte 2020.
Leagtar amach caighdeán cáilíochta idirnáisiúnta leis na critéir sin. Tá líonraí náisiúnta i 20 tír i Réigiún Eorpach na hEDS, agus tugtar os cionn 1,400 cathair agus contae le chéile leis na líonraí sin.
An Líonra Éire Shláintiúil
Bhunaigh An Chomhairle Éire Shláintiúil an chéad chéim den Líonra Éire Shláintiúil chun go gcuirfeadh eagraíochtaí de gach cineál ar fud na tíre a n-ainmneacha le comhaontú iarrachtaí le feabhas a chur ar shláinte agus folláine a thabhairt le chéile.
Is é fís an Líonra Éire Shláintiúil go mbeidh Éire ina tír shláintiúil, áit ar féidir le gach duine sult, a bhaint a oiread is féidir, as sláinte fhisiciúil agus intinne; áit a bhfuil meas ar fholláine agus a dtacaítear le folláine ar gach leibhéal den tsochaí agus a bhfuil gach duine freagrach as folláine.
Is é cuspóir an Líonra Éire Shláintiúil:
- gluaiseacht náisiúnta chumhachtaithe a bhunú agus a fhás, gluaiseacht a chaitheann le sláinte agus folláine mar fhreagracht duine aonair agus comhfhreagracht
- chun tacú le agus a bheith i bhfách le haidhmeanna agus fís Eire Shláintiúil
- a chinntiú go scaiptear agus go dtuigtear an teachtaireacht a bhaineann le hÉire Shláintiúil agus go ngníomhaítear dá réir ar fud na hÉireann
Téigh isteach sa Líonra
Ba cheart do d'eagraíocht dul isteach sa Líonra Éire Shláintiúil chun:
- cion a dhéanamh ar son na haidhmeanna sa chreatlach Éire Shláintiúil 2013–2025 a bhaint amach agus, dá réir sin, cion a dhéanamh ar son leas an phobail in Éirinn
- páirt a ghlacadh i ngluaiseacht náisiúnta nua atá ag fás
- feasacht ar an líonra a ardú ar an leibhéal náisiúnta agus áitiúil
- nasc níos soiléire a bheith idir thú agus Éire Shláintiúil
- úsáid a bhaint as acmhainní Éire Shláintiúil
- páirt a ghlacadh i ndeiseanna líonraithe le balleagraíochtaí eile
Seol ríomhphost chuig hinetwork@health.gov.ie chun dul isteach sa Líonra.
Na Meáin Shóisialta
Más mian leat páirt a ghlacadh sa chomhrá faoi Éire Shláintiúil, táimid ar Twitter, Facebook agus Instagram. Lean muid chun an t-eolas ar fad a fháil maidir lenár ngníomhaíochtaí is déanaí agus gníomhaíochtaí ár gcomhpháirtithe. Tá Téarmaí agus Coinníollacha maidir lenár gcomórtais ar fáil anseo.