Cathaoirleach an Breitheamh Margaret Heneghan Uasal
- Foilsithe: 12 Meán Fómhair 2023
- An t-eolas is déanaí: 16 Meán Fómhair 2025
Is breitheamh Ard-Chúirte ar scor í an Breitheamh Margaret Heneghan, abhcóide, abhcóide sinsearach agus idirghabhálaí creidiúnaithe. Tá taithí fhairsing aici ag fónamh i réimse cúirteanna, agus tá eolas agus scileanna domhain aici i gcaibidlíocht, réiteach díospóidí, rialáil agus rialachas.
Ceapadh í chuig Painéal an Choimisiúin um Rialáil Cumarsáide in 2004. Rinneadh Abhcóide Sinsearach di in 2009. D’fhóin sí ar an mBord um Chúnamh Dlíthiúil go dtí gur ceapadh í chuig an gCúirt Chuarda in 2010.
Ainmníodh í le ceapachán chuig an Ard-Chúirt in 2014. D’éirigh sí as an Ard-Chúirt in 2017. Ceapadh í mar Chathaoirleach Dlíthiúil ar Phainéal na gCinntí Rialála den Bhanc Ceannais in 2021. Is ball í d’Institiúid na Stiúrthóirí agus fuair sí Dioplóma i dTreorú Cuideachta in 2020. Is Stiúrthóir Neamhfheidhmiúcháin Neamhspleách í agus fónann sí ar roinnt boird chorparáideacha i róil tráchtála agus pro bono araon.
Ceapadh í mar Chathaoirleach ar an mBord Parúil i mí Eanáir 2025.