An Dr. Lisa Cuthbert
- Foilsithe: 12 Meán Fómhair 2023
- An t-eolas is déanaí: 26 Lúnasa 2025
Is í an Dr Cuthbert Príomhfheidhmeannach Mental Health Ireland agus bhí sí ina Príomhfheidhmeannach ar Prisoner Aid through Community Effort (PACE) ó 1999 i leith. D'fhorbair an Dr Cuthbert clár fairsing seirbhísí réamh- agus iar-scaoilte do phríosúnaigh a bhfuil pianbhreith saoil agus pianbhreith fhadtéarmach orthu agus thug sí isteach réimse seirbhísí cóiríochta d'fhir atá ag fágáil an phríosúin. Rinne sí taighde ar thaithí príosúnach a bhfuil pianbhreith saoil orthu in Éirinn.
Tá taithí fhairsing aici ag obair le daoine a bhfuil riachtanais chasta agus cionta ardriosca acu agus bhunaigh sí sraith seirbhísí pobailbhunaithe do dhaoine a ciontaíodh i leith iompair ghnéasaigh dhíobhálaigh, lena n-áirítear an clár cóireála Safer Lives, seirbhís tacaíochta ar snámh Foothold agus Ciorcail Tacaíochta agus Cuntasachta.