Cairt Úsáideoirí Seirbhísí 2025-2027
- Foilsithe: 6 Samhain 2020
- An t-eolas is déanaí: 9 Bealtaine 2025
- Ár nGealltanais
- Seirbhís ardchaighdeáin do chách
- Cuairteoirí pearsanta ar ár n-oifig
- Fiosrúcháin Fóin
- Comhfhreagras
- Cruinnithe leis an mBord agus cinntí maidir le hiarratais ar pharúl
- Gearáin
- Rúndacht
- Ár suíomh gréasáin
- Conas Teagmháil a Dhéanamh Linn
- Íoslódáil an chairt
Ag an mBord Parúil táimid tiomanta do sheirbhís ardchaighdeáin a sheachadadh dár gcuid úsáideoirí seirbhísí. Leagtar amach sa chairt seo na caighdeáin seirbhíse ar féidir leat a bheith ag súil leo uainn.
Ár nGealltanais
Seirbhís ardchaighdeáin do chách
Táimid tiomanta do chinntiú go gcuireann ár seirbhísí riachtanais ár gcuid úsáideoirí seirbhísí go léir san áireamh.
Cuairteoirí pearsanta ar ár n-oifig
- Beidh ár n-oifig inrochtana do gach úsáideoir seirbhísí a thagann ar cuairt.
- Déanfaimid iarracht tréimhsí feithimh inár láthair fáiltithe a choinneáil chomh híseal agus is féidir.
- Coinneoimid ár láthair fáiltithe agus feithimh glan agus slachtmhar, agus cuirfimid feabhas ar ár n-áiseanna nuair is gá.
- Má theastaíonn ateangaire uait ag do chruinniú leis an mBord Parúil agus má luann tú seo roimh ré, cuirfimid ceann ar fáil.
- Leanfaimid orainn ag athbhreithniú agus ag feabhsú rochtain dár gcuid úsáideoirí seirbhísí faoi mhíchumas.
Fiosrúcháin Fóin
- Freagróimid do ghlaonna ó 10rn go dtí 4in ó Luan go hAoine (seachas laethanta saoire poiblí).
- Déileálfaimid le do ghlao go múinte agus chomh tapa agus is féidir.
- Tabharfaimid ár n-ainm duit agus inseoimid duit cén aonad ina n-oibrímid.
- Mura féidir linn déileáil le d'fhiosrúchán go pras, míneoimid é seo agus socróimid glaoch ar ais ort nó scríobh chugat a luaithe agus is féidir.
- Más gá dúinn do ghlao a aistriú, inseoimid duit cé chuige a bhfuilimid do d'aistriú agus cén fáth.
Comhfhreagras
- Admhóimid gach comhfhreagras (litreacha agus ríomhphoist) laistigh de chúig lá oibre tar éis é a fháil.
- Seolfaimid freagra iomlán chugat laistigh de 20 lá oibre nó, mura féidir é seo a dhéanamh, seolfaimid míniú chugat ar ár staid reatha agus ar an méid a dhéanfaimid ina dhiaidh sin.
- Tabharfar ainm teagmhála agus uimhir ghutháin inár litreacha go léir.
Cruinnithe leis an mBord agus cinntí maidir le hiarratais ar pharúl
Má bhíonn cruinniú agat leis an mBord faoi d’iarratas ar pharúl nó faoi chúlghairm/athrú ar Ordú Parúil, déanfaimid an méid seo a leanas:
- Má bhíonn cruinniú agat leis an mBord Parúil chun d’iarratas ar pharúl a phlé, tabharfaimid fógra duit faoi dháta agus am do chruinnithe, nuair is féidir.
- Déanfaimid iarracht freastal ar aon riachtanais speisialta atá agat mar gheall ar riocht leighis nó míchumas a luaigh tú linn roimh an gcruinniú.
- Ag do chruinniú tabharfaimid deis duit do chás a mhíniú go hiomlán.
- Cuirfimid ionadaíocht dhlíthiúil saor in aisce ar fáil duit le linn an phróisis pharúil, má iarrann tú é.
- Cuirfimid ateangaire ar fáil don chruinniú más gá agus má iarrann tú é roimh ré.
- Déanfaimid measúnú ar d’iarratas go cothrom agus go neamhspleách.
- Déanfaimid cinneadh faoi d’iarratas nó maidir le d’Ordú Parúil a chúlghairm nó a athrú, de réir mar a bheidh, a luaithe is féidir tar éis do chruinnithe.
- Scríobhfaimid chugat lenár gcinneadh.
Gheobhaidh tú tuilleadh eolais faoin bpróiseas parúil inár mbileog faisnéise d'iarratasóirí parúl.
Más íospartach thú a chuir aighneachtaí faoinár mbráid, déanfaimid na rudaí seo a leanas:
- Admhóimid go bhfuarthas d'aighneacht laistigh de 5 lá oibre.
- Más mian leat aighneacht a chur faoi bhráid an Bhoird go pearsanta tabharfaimid fógra duit faoi dháta agus am do chruinnithe.
- Déanfaimid iarracht freastal ar aon riachtanais speisialta atá agat mar gheall ar riocht leighis nó míchumas a luaigh tú linn roimh an gcruinniú.
- Ag do chruinniú tabharfaimid an deis duit d'aighneacht a chur faoi bhráid an Bhoird.
- Cuirfimid ionadaíocht dhlíthiúil saor in aisce ar fáil duit le linn an phróisis pharúil, má iarrann tú é.
- Cuirfimid ateangaire ar fáil don chruinniú más gá agus má iarrann tú é roimh ré.
- Scríobhfaimid chugat agus cuirfimid cinneadh an Bhoird Parúil in iúl duit, agus na cúiseanna leis an gcinneadh sin.
- Déileálfaimid le gach ceist go pras agus go héifeachtúil.
Gearáin
Tá sé de cheart agat gearán a dhéanamh mura gcomhlíonann an tseirbhís a fhaigheann tú uainn na caighdeáin atá leagtha amach sa chairt seo, nó má chreideann tú go bhfuil aon ghníomh nó cinneadh déanta againn nach bhfuil ag teacht lenár rialacha, ár gcleachtas nó ár mbeartas. Más mian leat gearán a dhéanamh, scríobh chuig ár nOifigeach Idirchaidrimh d’Úsáideoirí Seirbhísí.
I gcás gach gearán a fhaighimid, déanfaimid na nithe seo a leanas:
- Do ghearán a admháil laistigh de chúig lá oibre tar éis dúinn é a fháil.
- Do ghearán a imscrúdú go críochnúil.
- Freagra iomlán a sheoladh chugat laistigh de 20 lá oibre nó, mura féidir é seo a dhéanamh, míniú a sheoladh chugat ar ár staid reatha agus ar an méid a dhéanfaimid ina dhiaidh sin. Gheobhaidh tú cóip dár nós imeachta gearán ar ár suíomh gréasáin www.paroleboard.gov.ie nó is féidir leat teagmháil a dhéanamh lenár nOifigeach Idirchaidrimh d’Úsáideoirí Seirbhísí ar an bhfón nó ar r‐phost (féach cuid 9 le haghaidh sonraí).
Tabhair faoi deara, le do thoil, nach gclúdaíonn an nós imeachta gearán seo ár gcinntí maidir le hiarratais ar pharúl nó conas a dhéanaimid na cinntí sin.
Rúndacht
Déileálfaidh an Bord le do chuid faisnéise mar fhaisnéis rúnda ach amháin nuair is gá é a nochtadh i gcomhlíonadh fheidhmeanna reachtúla an Bhoird.
Ár suíomh gréasáin
Cinnteoimid go bhfuil ár suíomh gréasáin:
- Coinnithe cothrom le dáta;
- Inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas; agus,
- Go bhfuil faisnéis ábhartha ann dár gcuid úsáideoirí seirbhísí go léir.
Is é ár seoladh gréasáin ná www.gov.ie/paroleboard
Cuirimid fáilte roimh do chuid tuairimí faoinár suíomh gréasáin, agus is féidir leat iad a sheoladh chugainn ag baint úsáide as na sonraí teagmhála thíos.
Conas Teagmháil a Dhéanamh Linn
An Bord Parúil
- Seoladh:
- Svuít 401, Foirgneamh Chéipil, Mainistir Mhuire, Baile Átha Cliath 7, D07 N4C6
- Suíomh Gréasáin:
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
01‐474‐8767