Foilsíonn an Bord Parúil Reachtúil an chéad Tuarascáil Bhliantúil
- Foilsithe: 15 Meán Fómhair 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D’fhoilsigh an Bord Parúil reachtúil a chéad Tuarascáil Bhliantúil inniu atá curtha faoi bhráid Thithe an Oireachtais chomh maith.
Clúdaíonn an Tuarsascáil Bhliantúil an tréimhse ó bhunú an Bhoird Parúil ar bhonn reachtúil agus neamhspleách i mí Iúil 2021 suas go dtí deireadh mhí na Nollag 2022, tréimhse d’athrú agus forbairt shuntasach do pharúl in Éirinn ó achtaíodh an tAcht Parúil 2019 in 2021.
Mhínigh Príomh-oifigeach Feidhmiúcháin an Bhoird Parúil, Ciairín de Buis, gur le linn na chéad bhliana go leith dá oibriú, bhí príomhfhócas an Bhoird próisis nua a fhorbairt – go háirithe iad sin a bhaineann le hiarratais ar pharúl, rannpháirtíocht íospartaigh chomh maith le cúrsaí rialachais corparáide.
Ag labhairt faoin bhfoilseachán, dúirt Príomh-oifigeach Feidhmiúcháin an Bhoird Parúil, Ciairín de Buis:
"Tá áthas orm agus táim faoi phribhléid an Tuarascáil Bhliantúil seo ar obair an Bhoird Parúil a chur i láthair, an chéad cheann ó bunaíodh muid go reachtúil, le linn 2021-2022. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le Cathaoirleach an Bhoird Parúil, an tUasal Breitheamh Michael White, comhaltaí an Bhoird, agus mo chomhghleacaithe as a n-obair chrua and a dtiomantas. Tá an obair a dhéanann said deacair, casta agus dúshlánach. Is iontach an tiomantas agus an comhbhá a léiríonn siad ina gcuid oibre."
Ó Iúil 2021 go dtí 31 Nollaig 2022, ag an mBord Parúil bhí:
- ceithre chruinniú boird reachtáilte i 2021 agus 13 chruinniú i 2022
- 10 seisiún faisnéise príosúin óstáilte ar fud na tíre
- rannpháirtíocht déanta le 291 íospartach i gcomhthéacs 105 iarratas parúil
- 22 iarratas parúil athbhreithnithe i 2022
- cúnamh dlíthiúil sannta do 38 n-iarratasóir parúil
- beirt a scaoileadh saor ón bpríosún
Ó lár 2022 go dtí 31ú Nollaig 2022, ag an mBord Parúil bhí:
- 67 n-aighneacht íospartaigh faighte a bhain le 43 chás
- íospartaigh buailte i 32 chás in 2022
- cúnamh dlíthiúil sannta do 28 íospartach
Chomh maith leis an obair seo, tá béim shuntasach curtha ag an mBord Parúil ar rannpháirtíocht íospartaigh agus chuige sin, sheol an Bord feachtas faisnéise ar na meáin áitiúla agus náisiúnta dar teideal “My Voice Counts”. Tá iarrachtaí leanúnacha déanta ag an mBord Parúil freisin chun cumarsáid a dhéanamh le hiarratasóirí parúil trí roinnt seisiún faisnéise a sholáthair chun cabhrú leo tríd an bpróiseas parúil.
Nótaí
Is comhlacht neamhspleách é an Bord Parúil a bunaíodh i mí Iúil 2021 faoin Acht Parúil 2019.
Faoi alt 10 d’Acht Parúil 2019, ní bheidh ar an mBord níos lú ná 12 agus 15 ar a mhéad agus is é an tAire a cheapfaidh comhaltaí an Bhoird. San áireamh ar an mBord tá chomhaltaí ainmnithe ag an bPríomh-Bhreitheamh, Ard-Chomhairle Bharra na hÉireann, Dlí-Chumann na hÉireann, Coláiste Sícíatraithe na hÉireann, Cumann Síceolaíochta na hÉireann, Ardstiúrthóir Sheirbhís Phríosúin na hÉireann, Coimisinéir an Gharda Síochána, Stiúrthóir an Seirbhís Phromhaidh.
Déanann an Bord athbhreithniú ar iarratas parúil ó iarratasóirí a bhfuil pianbhreith saoil á gcaitheamh acu agus déanann an Bord cinneadh parúl a dheonú nó a dhiúltú.
De réir an Achta Parúil 2019, tá sé de cheart ag íospartaigh aighneacht a dhéanamh chuig an mBord Parúil a bhreithnítear sa phróiseas parúil.
Tá sé de cheart ag iarratasóirí parúil agus íospartaigh ionadaíocht dhlíthiúil a fháil trí Scéim Chúnaimh Dhlíthiúil.
Le haghaidh tuilleadh eolais, dul i dteagmháil le Corporate Affairs:
- ríomhphost: press@paroleboard.gov.ie
- fón: 01 4748767/01 4748770
Parole Board
- Seoladh:
- Suite 401, The Capel Building, Mary's Abbey, Dublin 7, D07 N4C6
- Suíomh Gréasáin:
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
+353 1 474 8767;
+353 1 474 8770
- Achoimre:
- Point of contact for matters related to parole and general queries