Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Comhairliúcháin Phoiblí an Choimisiúin Tithíochta


Le linn dó a bheith i mbun a chuid oibre, féachfaidh an Coimisiún le comhthoil maidir le saincheisteanna tábhachtacha a chothú le páirtithe leasmhara. Samhlaítear go rachaidh an Coimisiún i mbun rannpháirtíocht struchtúrtha, lena n-áirítear trí líon foghrúpaí a bhunú.

Beidh foghrúpaí comhdhéanta de chomhaltaí ón gCoimisiún agus de dhaoine aonair a bhfuil an saineolas cuí acu. Samhlaítear freisin, nuair is gá, go reáchtálfar comhairliúcháin phoiblí ag tréimhsí éagsúla. Tá an Coimisiún ag tabhairt a chláir oibre chun críche lena n-áirítear líon agus comhdhéanamh na bhfoghrúpaí.

Comhairliúchán Poiblí an Choimisiúin Tithíochta

Comhairliúchán Poiblí i dtaobh Reifreann ar Thithíocht in Éirinn - Glao ar Aighneachtaí

Tá tús curtha ag an gCoimisiún Tithíochta le comhairliúchán poiblí maidir le reifreann ar thithíocht. Cuir d’aighneacht ar aghaidh faoi Dé hAoine an 2 Meán Fómhair 2022.

Sonraí an chomhairliúcháin.

Comhdháil maidir le Reifreann ar Thithíocht - Bealtaine 2022

Tá Comhdháil maidir le Reifreann ar Thithíocht á reáchtáil ag an gCoimisiún Tithíochta ar 10- 11 Bealtaine 2022 sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (UCD).

Tuilleadh sonraí maidir leis an gclár agus conas clárú.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat