Na Rialacháin um Scéim Clibeála na mBradán Fiáin agus na mBreac Geal, 2020 agus Bearta Caomhantais le haghaidh Shéasúr 2021

Cuardaigh ar fad gov.ie

Comhairliúchán

Na Rialacháin um Scéim Clibeála na mBradán Fiáin agus na mBreac Geal, 2020 agus Bearta Caomhantais le haghaidh Shéasúr 2021

  • Ó: An Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil

  • Foilsithe: 12 Samhain 2020
  • oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 12 Samhain 2020
  • dúnadh na haighneachtaí: 11 Nollaig 2020
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Tá an Comhairliúchán dúnta

Tugann Eamon Ryan TD, Aire ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, fógra reachtúil go bhfuil sé i gceist aige na Rialacháin um Scéim Clibeála na mBradán Fiáin agus na mBreac Geal, 2020 a dhéanamh, chun foráil a dhéanamh le haghaidh bhainistiú iascach na mbradán fiáin agus na mbreac geal ag Iascach Intíre Éireann ón 1 Eanáir 2021.

Wild Salmon and Sea Trout Tagging Scheme (Amendment) Regulations 2020
Amharc amharc

Tá cóip de na dréachtrialacháin ar oscailt le haghaidh iniúchadh poiblí ag na hoifigí seo a leanas de chuid Iascach Intíre Éireann:

1. Iascach Intíre Éireann, 3044 Céide an Locha, Campas Gnó Iarthar na Cathrach, Baile Átha Cliath, D24 Y265

2. Iascach Intíre Éireann, Teach Breac, Oileán an Iarla, Gaillimh, H91 E2A2

3. Iascach Intíre Éireann, Bloc 1, Páirc Gnó Ashbourne, Bóthar an Duga, Luimneach, V94 NPE0

Is féidir le haon duine tuairimí/agóidí i leith na ndréachtrialachán a chur isteach am ar bith i gcaitheamh na tréimhse 30 lá a chríochnóidh ag 5.30pm an 11 Nollaig 2020 tríd an ríomhphost chuig IFDPublicConsultations@decc.gov.ie nó sa phost (le bheith faighte faoin am agus dáta dúnta thuas) chuig an seoladh thíos.

Rannóg an Iascaigh Intíre

An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide

Teach Leamháin

Bóthar Ghleann an Iarla

Baile an Chabháin

H12 A8H7

Éire

Gach aighneacht a gheofar, foilseofar í ar an suíomh gréasáin gov.ie nuair a bheidh tréimhse an chomhairliúcháin thart. Ní bhreithneofar aighneachtaí déanacha.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat