Ráiteas Beartais maidir le Pleanáil Mhuirí
- Foilsithe: 9 Meitheamh 2025
- oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 9 Meitheamh 2025
- dúnadh na haighneachtaí: 7 Iúil 2025
- An t-eolas is déanaí: 9 Meitheamh 2025
Tá an Comhairliúchán ar oscailt
Forbhreathnú ar an gComhairliúchán
Tá an Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil ag iarraidh tuairimí maidir leis an dréacht-Ráiteas Beartais maidir le Pleanáil Mhuirí.
Cúlra
I mí na Samhna 2019, d’fhoilsigh an Rialtas an chéad Ráiteas Beartais riamh ó Éirinn maidir le Pleanáil Mhuirí, rud a raibh feidhm aige maidir leis na gnéithe uile de phleanáil mhuirí. Tugadh an Ráiteas Beartais isteach ar bhonn neamhreachtúil, ar feitheamh an Creat Náisiúnta um Pleanáil Mhuirí a fhorbairt agus an tAcht um Pleanáil Limistéir Mhuirí, 2021, a ghlacadh. Sa Ráiteas Beartais, tugadh tuairisc ar na comhpháirteanna de chóras pleanála muirí na hÉireann ag an am, leagadh amach an fhís le haghaidh fhorbairt amach anseo chóras pleanála muirí na hÉireann, agus tugadh forbhreathnú ar na beartais agus na prionsabail uileghabhálacha a rabhthas ag súil leo ó chomhlachtaí reachtúla a bhfuil freagrachtaí orthu sa limistéar muirí nó a imríonn tionchar ar an limistéar muirí.
Ag teacht sna sála ar an Acht um Pleanáil Limistéir Mhuirí a shíniú ina dhlí sa bhliain 2021, cuireadh creat reachtúil i bhfeidhm le haghaidh ráitis bheartais reachtúla maidir le pleanáil mhuirí a ullmhú, a ghlacadh agus a athbhreithniú. Foráiltear le fo-alt 4 d’alt 6 de Chuid 1 den Acht um Pleanáil Limistéir Mhuirí (arna leasú) go gcinnteoidh an tAire go ndéanfar an chéad ráiteas beartais reachtúil maidir le pleanáil mhuirí a ullmhú agus a fhoilsiú tráth nach déanaí ná dhá mhí dhéag tar éis theacht i bhfeidhm an ailt sin agus go mbainfidh sé le tréimhse nach lú ná trí bliana.
D’fhógair Darragh O'Brien TD, an tAire Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil, ag Lá Muirí na hEorpa i gCorcaigh an 22 Bealtaine 2025 go n-osclófaí comhairliúchán ar an Ráiteas Beartais ó Éirinn maidir le Pleanáil Mhuirí an 9 Meitheamh 2025.
Beidh feidhm ag an ráiteas beartais sin go dtí go nglacfar ráiteas beartais athbhreithnithe.
Is é an cuspóir atá leis an Ráiteas Beartais reachtúil seo maidir le Pleanáil Mhuirí:
- breac-chuntas a thabhairt ar na comhpháirteanna atá ann cheana de chóras pleanála muirí na hÉireann agus an t-ordlathas beartas muirí
- a leagan amach cé na prionsabail straitéiseacha den bheartas pleanála muirí a bhfuil an Rialtas ag súil leis go gcloífidh comhlachtaí iomchuí pleanála leo
- breac-chuntas a thabhairt ar na príomhthosaíochtaí pleanála muirí atá ag Éirinn maidir le bainistiú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí sa spás muirí le linn thréimhse feidhme an Ráitis Beartais maidir le Pleanáil Mhuirí, agus
- a mhionsonrú conas a dhéanfar faireachán agus athbhreithniú ar an mbeartas muirí
Ullmhófar dréacht athbhreithnithe den Ráiteas Beartais maidir le Pleanáil Mhuirí tar éis an chomhairliúcháin phoiblí seo agus cuirfear faoi bhráid an Rialtais é chun ceadú a fháil é a fhoilsiú.
Conas aighneacht a dhéanamh
Is é 5.30pm Dé Luain an 7 Iúil 2025 an uair dheiridh a ghlacfar le haighneachtaí
Seol d’aighneachtaí le ríomhphost chuig MSP@dcee.gov.ie agus 'Comhairliúchán ar an Ráiteas Beartais maidir le Pleanáil Mhuirí' á scríobh agat i líne an ábhair, nó le casadh an phoist chuig:
Comhairliúchán ar an Ráiteas Beartais maidir le Pleanáil Mhuirí
An Rannóg um an mBeartas maidir le Pleanáil Mhuirí,
An Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil,
Bóthar an Bhaile Nua,
Loch Garman,
Y35 AP90
Cosaint Sonraí
Táimid tiomanta do dhul i dteagmháil le gach geallsealbhóir ar bhealach soiléir, oscailte agus trédhearcach. Féadfaidh aon duine nó eagraíocht aighneacht a dhéanamh i ndáil leis an gcomhairliúchán seo. Breithneoimid na haighneachtaí uile agus an t-aiseolas ar fad sula bhfoilseoimid an leagan deiridh den Ráiteas Beartais maidir le Pleanáil Mhuirí.
Beidh do fhreagra ar an gcomhairliúchán seo faoi réir na nithe seo a leanas:
- an tAcht um Shaoráil Faisnéise, 2014
- na Rialacháin um Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol, 2007 go 2018
- an tAcht um Chosaint Sonraí, 2018
Freagraí a Anailísiú agus a Fhoilsiú
Maidir leis na freagraí uile a gheofar, comhroinnfear iad le cuideachta tríú páirtí atá fostaithe chun a bhfuil sna haighneachtaí a anailísiú.
Tá sé de rún againn a bhfuil sna haighneachtaí uile a gheofar mar fhreagra ar ár gcomhairliúchán a fhoilsiú ar ár suíomh Gréasáin. Cuirfimid sonraí pearsanta in eagar (bainfimid iad) roimh fhoilsiú.
Leag béim ar aon fhaisnéis atá íogair
Agus freagra á thabhairt agat ar an gcomhairliúchán seo, leag béim go soiléir ar na háiteanna ina gcuimsítear i do fhreagra aon fhaisnéis nár mhaith leat go n-eiseofaí í faoi Shaoráil Faisnéise nó faoi Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol ná go bhfoilseofaí í ar shlí eile. Is féidir na nithe seo a leanas a bheith i gceist leis sin:
- faisnéis phearsanta
- faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de
- faisnéis rúnda
Léigh ár bhFógra Príobháideachta Sonraí
Ba mhaith linn d'aird a tharraingt ar ár bhFógra Príobháideachta Sonraí, rud ina mínítear na nithe seo a leanas:
- conas agus cén uair a bhailímid sonraí pearsanta
- cén fáth a mbailímid iad
- conas a chaithimid leis an bhfaisnéis sin
- na cearta atá agat i ndáil le bailiú faisnéise pearsanta
- conas a fhéadfaidh tú na cearta sin a fheidhmiú