An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo (3-5 nóim).
Cosaint Sonraí
- Foilsithe:
- An t-eolas is déanaí:
Tá an Roinn tiomanta do chearta agus príobháideachas daoine aonair a chosaint de réir reachtaíocht an Aontais Eorpaigh agus reachtaíocht cosanta sonraí na hÉireann araon. Ní mór don Roinn sonraí pearsanta faoi fhostaithe, custaiméirí, soláthraithe agus daoine aonair eile a phróiseáil go dleathach agus go cothrom chun a misean agus a feidhmeanna a bhaint amach. Tugann an reachtaíocht um chosaint sonraí cearta do dhaoine aonair chomh maith le freagrachtaí ar na daoine sin a phróiseálann sonraí pearsanta.
Anseo thíos tá ár bhFógra agus Ráiteas Príobháideachta Sonraí reatha:
Chun tuilleadh eolais a fháil faoin gcaoi a mbainistímid Cosaint Sonraí, déan teagmháil lenár nOifigeach Cosanta Sonraí ag dataprotection@dcee.gov.ie
Iarrataí ar Rochtain Ábhair
Faoin RGCS, is féidir le duine ar bith a bhfuil a gcuid sonraí pearsanta á gcoinneáil againn Iarratas Rochtana Ábhair Sonraí (SAR) a chur isteach. Is féidir SARanna a chur isteach ar an bhfón, ar Twitter, trí ríomhphost nó tríd an bpost.
Chun cabhrú leis an bpróiseas iarratais, tá foirm chaighdeánach SAR forbartha againn ar féidir í a chomhlánú le haghaidh gach SAR:
Ba chóir foirmeacha a chomhlánú ina n-iomláine agus a sheoladh ar ais chuig:
Foireann Cosanta Sonraí
- Seoladh:
- Foireann Cosanta Sonraí, An Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil, Teach Tom Johnson, Bóthar Haddington,, Baile Átha Cliath, D04 K7X4
- Ríomhphost:
Chun tuilleadh eolais a fháil faoin gcaoi a mbainistímid Cosaint Sonraí, déan teagmháil lenár nOifigeach Cosanta Sonraí ag dataprotection@dcee.gov.ie
Príobháideachas TCI
Oibríonn an Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil córais Teilifíse Ciorcaid Iata (TCI) ina háitreabh, mar shampla ag a ceanncheathrú i dTeach Tom Johnson.
Tá impleachtaí cosanta sonraí agus príobháideachta ann maidir le córais TCI a úsáid.
Inár bhFógra Príobháideachais TCI, tá leagtha amach againn conas a bhainistímid ár gcóras TCI agus na caighdeáin a bheidh i bhfeidhm maidir leis na sonraí a ghabhaimid, lena n-áirítear cearta daoine aonair a ghabhtar leis an gcóras seo.