Nochtaí Cosanta
- Foilsithe: 29 Márta 2023
- An t-eolas is déanaí: 2 Nollaig 2025
- Réamhrá
- Tacaíochtaí
- Tacaíochtaí Beartas um Nochtadh Cosanta 2025
- Cad is Nochtadh Cosanta ann?
- Cé is féidir nochtadh cosanta a dhéanamh?
- Conas is féidir nochtadh cosanta a dhéanamh
- Nochtadh do Dhaoine Forordaithe
- Rúndacht agus Cosaint Chéannachta
- Tuarascálacha Bliantúla maidir le Nochtadh Cosanta
Réamhrá
Tá an Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil agus a Bord Bainistíochta an-tiomanta do thacú le cultúr inar féidir lenár n-oibrithe uile labhairt amach go sábháilte agus aon imní maidir a bhfuil éagóir ábhartha i gceist léi, de réir mar a shainmhínítear sa reachtaíocht a thuairisciú agus na tacaíochtaí riachtanacha a chur ar fáil dóibh siúd a léiríonn fíorimní.
Tacaíochtaí
Tá tacaíochtaí saor in aisce agus neamhspleácha ar fáil d’aon duine atá ag smaoineamh faoi nochtadh cosanta a dhéanamh nó d’aon duine a bhfuil ceann déanta aige nó aici cheana. Is féidir le haon duine dul i dteagmháil leis an líne chabhrach rúnda agus saor in aisce Labhair amach (1800 844 866) nó úsáid a bhaint as an bhFoirm Tuairisce Sábháilte, as ríomhphost nó as post atá á bhfeidhmiú ag Trédhearcacht Idirnáisiúnta na hÉireann. Tá seo go hiomlán neamhspleách ar an Roinn.
Tacaíochtaí Beartas um Nochtadh Cosanta 2025
Tá an Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil tar éis a Beartas um Nochtadh Cosanta a uasdátú chun an Treoir Rialála a d’fhoilsigh an RCPBASPD i Samhain 2023 agus moltaí ón tuarascáil iniúchóra inmheánach, 2024 a chur san áireamh.
Cad is Nochtadh Cosanta ann?
Is é an rud is Nochtadh Cosanta ann ná nochtadh faisnéise ina léirítear de ghnáth, i dtuairim réasúnta oibrí, ceann amháin nó níos mó de ghníomhartha éagóracha ábhartha a tharraing aird an oibrí i gcomhthéacs oibre agus go nochtar é de réir mar a fhorordaítear san Acht um Nochtadh Cosanta, 2014 mar atá leasaithe ag an Acht (Leasú) um Nochtadh Cosanta, 2022.
Cé is féidir nochtadh cosanta a dhéanamh?
Duine i gcaidreamh oibre leis an Roinn a fhaigheann faisnéis faoi dhrochghníomh ábhartha i gcomhthéacs oibre agus atá nó a bhí:
- ina f(h)ostaí (lena n-áirítear duine atá nó a bhí ina státseirbhíseach de réir bhrí an Achta Rialuithe na Stát-Sheirbhíse 1956)
- ina c(h)onraitheoir neamhspleách
- ina (h)oibrí gníomhaireachta
- ina (h)oiliúnaí
- ina scairshealbhóir gnóthais
- ina c(h)omhalta den chomhlacht riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta gnóthais lena n-áirítear comhaltaí neamhfheidhmiúcháin
- ina (h)oibrí deonach agus
- ina p(h)earsa aonair a fuair faisnéis faoi dhrochghníomh ábhartha le linn próisis earcaíochta;
- ina p(h)earsa aonair a fuair faisnéis faoi dhrochghníomh ábhartha le linn caibidlíochta réamhchonarthaí (seachas próiseas earcaíochta).
Conas is féidir nochtadh cosanta a dhéanamh
Ní mór nochtadh a chur isteach i scríbhinn agus úsáid á baint as an bhFoirm do Nochtadh Cosanta a Thuairisciú (Aguisín 2 den Bheartas):
- Más féidir, trí ríomhphost a sheoladh chuig protecteddisclosures@dcee.gov.ie nó trí phost chuig an bhFoireann um Nochtadh Cosanta, an Rannóg ICG, an Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil, Teach an Leamháin, Bóthar Ghleann an Iarla, An Cabhán H12 A8H7
- De rogha air sin, d’fhéadfaí iad a dhéanamh leis an Aire nó Aire Stáit na Roinne Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil agus más féidir, trí ríomhphost chuig MinisterProtectedDisclosures@dcee.gov.ie nó sa phost faoi rún chuig an Aire nó chuig Aire Stáit na Roinne Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil, f/ch na Foirne um Nochtadh Cosanta, an Rannóg ICG, an Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil, Teach an Leamháin, Bóthar Ghleann an Iarla, An Cabhán H12 A8H7.
- Más mian le hoibrí nochtadh a dhéanamh ó bhéal, gabhfaidh an Fhoireann um Nochtadh Cosanta (protecteddisclosures@dcee.gov.ie) den RAFC an fhaisnéis i dtaifead agus taispeánfaidh siad an dréacht-taifead don duine tuairiscithe chun deis a thabhairt don duine tuairiscithe a (h)ainm a chur leis agus tuairim a nochtadh mar gheall air sula n-aontófar ar an leagan deiridh.
Nóta - De réir na hAchta um Nochtadh Cosanta, 2014, cuirfear aon nochtadh cosanta a fhaigheann an tAire nó an tAire Stáit ar aghaidh go díreach chuig an gCoimisinéir um Nochtadh Cosanta laistigh de 10 lá féilire a fhála agus tar éis a sheolta, ní foláir aon cheisteanna mar gheall air sin nó aon chomhfhreagras eile a sheoladh chuig an gCoimisinéir.
Nochtadh do Dhaoine Forordaithe
Forordaítear daoine áirithe chun nochtadh cosanta a fháil ("daoine forordaithe"). Áirítear leis seo na ceannairí nó príomhoifigigh shinsearacha i réimse comhlachtaí atá bainteach le maoirseacht nó rialáil earnálacha áirithe den gheilleagar nó den tsochaí.
Tá an liosta iomlán de dhaoine forordaithe in IR 233 de 2025.
Rúndacht agus Cosaint Chéannachta
Leagann an tAcht, faoi réir na n-eisceachtaí a shonraítear ann, oibleagáid dhlíthiúil ar fhaighteoir Nochtadh Cosanta céannacht an oibrí a dhéanann an tuairisc a choinneáil faoi rún, agus leagtar amach ann méid na hoibleagáide sin. Tabharfaidh na daoine a bhfuil baint acu leis an bpróiseáil ar Nochtadh Cosanta, ar a n-aire go gcosnaítear céannacht an duine tuairiscithe i mbainistiú agus i slándáil na dtaifead (digiteach nó lámhscríofa). Tá na sonraí go léir ar fáil sa Bheartas.
Tuarascálacha Bliantúla maidir le Nochtadh Cosanta
Foilsítear tuarascálacha bliantúla maidir le Nochtadh Cosanta ar shuíomh gréasáin na Roinne de réir Alt 22 den Acht um Nochtadh Cosanta, 2014.