Cuardaigh ar fad gov.ie

Ár bhFuinneamh Ár dTodhchaí

Tá leictreachas in-athnuaite riachtanach maidir le slándáil fuinnimh na hÉireann agus is é an bhunchloch é ar a mbainfimid amach ár spriocanna aeráide.

Go stairiúil, d’iompórtáil Éire formhór a cuid fuinnimh ó fhoinsí breosla iontaise. Trí infheistiú inár bhfuinneamh in-athnuaite féin ar talamh agus amach ón gcósta, laghdóimid ár spleáchas ar bhreoslaí iontaise díobhálacha agus feabhsóimid ár dteacht aniar fuinnimh i ndáil le suaití ar nós adhaimsire, tuairteanna geilleagracha agus cibirionsaithe.

Le forbairt agus leathnú an leictreachais in-athnuaite, cumhachtaítear pobail ar fud na hÉireann, rud a chruthaíonn na mílte post agus a spreagann geilleagair áitiúla. Mealltar infheistíocht agus fostaíocht i dteicneolaíochtaí glana agus seirbhísí tacaíochta leis an leictreachas in-athnuaite, agus tacaíonn Cistí Tairbhe Pobail le tionscnaimh phobail inbhuanaithe.

Tugtar gealltanas i gClár an Rialtais 80% de leictreachas a sholáthar ó fhoinsí in-athnuaite i gcomhréir lenár spriocanna aeráide.

Faigh amach tuilleadh faoin tslí is féidir le leictreachas in-athnuaite baile ár dtodhchaí a choinneáil slán.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat