Fuinneamh In-athnuaite Ar Talamh

Cuardaigh ar fad gov.ie

Fuinneamh In-athnuaite Ar Talamh

Tá dlús á chur an t-am ar fad le haistriú na hÉireann chuig fuinneamh baile glan, trí ghiniúint leictreachais in-athnuaite ar talamh, go háirithe fuinneamh gaoithe agus gréine, atá mar bhonn leis an gclaochlú sin i láthair na huaire.

Tá rath ar fhorbairt fhuinneamh na gaoithe in Éirinn - tá níos mó dár leictreachas á fháil againn ó fheirmeacha gaoithe ar talamh ná duine ar bith eile san Eoraip agus táimid i measc na gceannairí domhanda maidir le hathnuaiteáin athraitheacha a chomhtháthú san eangach leictreachais.

Cuireann leictreachas gréine go mór le fuinneamh gaoithe agus tá ár n-earnáil leictreachais ghréine ag forbairt go tapa, agus cheana féin tá an earnáil sin ag soláthar an tríú sciar is airde de ghiniúint leictreachais dhúchasach don eangach. Lena chois sin, tá na mílte teach agus gnólacht Éireannach anois ag giniúint a gcuid fuinnimh bhaile ghlan féin, rud a laghdaíonn billí leictreachais agus a chabhraíonn le spriocanna aeráide náisiúnta.

De réir mar a bheidh éileamh ar leictreachas ag méadú, beidh fuinneamh gaoithe agus gréine ar talamh riachtanach chun ár dtodhchaí fuinnimh a choinneáil slán. Chun ár spriocanna uaillmhianacha a bhaint amach, tá roinnt beartas agus scéimeanna tacaíochta riachtanacha i bhfeidhm ag an Rialtas. Chun tuilleadh a fháil amach faoi na beartais agus scéimeanna tacaíochta éagsúla, cliceáil ar na naisc thíos.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat