Cuardaigh ar fad gov.ie

Glanaimis an t-aer

Meastar go bhfaigheann 1,410 nduine bás roimh am in Éirinn gach bliain mar thoradh ar aerthruailliú. Bíonn 1,300 ceann de na básanna sin nasctha go díreach le breosla soladach amhail gual nó adhmad a dhó. Tá rún daingean ag an Rialtas seo dul i ngleic leis an dúshlán tromchúiseach sláinte poiblí sin trí roinnt beart atá leagtha amach sa Straitéis um Aer Glan d’Éirinn.

Tá úsáid breoslaí soladacha ar cheann amháin de na foinsí is mó d’aerthruailliú inár gcuid tithe agus pobal. Chun éifeachtaí na húsáide sin a laghdú, thugamar na rialacháin nua um breoslaí soladacha isteach i mí Dheireadh Fómhair 2022.

Is féidir linn go léir ár sciar féin a dhéanamh chun an cineál sin d’aerthruailliú agus an tionchar a imríonn sé ar shláinte ár bpobal a laghdú.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat