Cuardaigh ar fad gov.ie

Fuinneamh In-athnuaite Amach ón gCósta

Le cois cabhrú leis an sprioc ghinearálta todhchaí d’astaíochtaí glan-nialasacha agus slándáil fuinnimh a chosaint, tá an fhéidearthacht ag gaoth amach ón gcósta ár gcórais fuinnimh a athrú ó bhonn.

Tá ceann de na hacmhainní gaoithe amach ón gcósta is fearr ar domhan le fáil in Éirinn. Tá tús áite á thabhairt ag rialtas na hÉireann d’fhuinneamh gaoithe amach ón gcósta a uasmhéadú, agus le déanaí bhí dlús á chur ag an Stát le beartas sa réimse seo.

Chun ár n-uaillmhianta maidir le fuinneamh gaoithe amach ón gcósta a sheachadadh, tá cur chuige atá bunaithe ar phlean curtha chun feidhme againn a bhfuil maoirseacht á déanamh ag an Tascfhórsa um Seachadadh Gaoithe Amach ón gCósta trasrialtais air.Cinnteoidh sé sin go mbeidh forbairt na gaoithe in-athnuaite amach ón gcósta á seachadadh trí roinnt céimeanna forluiteacha ar bhealach pleanáilte, straitéiseach, barainneach agus inbhuanaithe, rud a threoróidh infheistíocht san earnáil seo freisin.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat