Cuardaigh ar fad gov.ie

Pleananna Oiriúnaithe Earnála

Cuireann an Creat Náisiúnta Oiriúnaithe (NAF) dualgas ar 13 phríomhearnálacha Pleananna Oiriúnaithe Earnála (SAP) a ullmhú. Tá na 13 príomhearnálacha grúpáilte de réir na dtéamaí seo a leanas: an Timpeallacht Nádúrtha, an Timpeallacht Thógtha agus Bonneagar, an Duine, agus an Ghéilleagar.

Is táirgí insoláthartha mar chuid den NAF iad na SAPanna agus leagann siad amach gníomhartha ar fud na 13 earnáil chun a chinntiú go mebeidh sochaí, éiceachórais, bonneagar, géilleagar agus iomaíochas na hÉireann athléimneach i leith thionchair an athraithe aeráide.

Is iad seo na hearnálacha:

Forbraíodh iad trí phróiseas pleanála oiriúnaithe sé chéim a chur i bhfeidhm, ar próiseas é atá tuairiscithe sna Treoirlínte Pleanála Earnála le haghaidh Oiriúnú don Athrú Aeráide ar fhoilsigh an Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil iad.

Aithnítear sa Mheasúnú Riosca Náisiúnta ar an Athrú Aeráide (NCCRA) a d’fhoilsigh an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil i mí an Mheithimh 2025 na rioscaí tosaíochta aeráide d’Éirinn chun cabhrú le gníomhaíocht a chur in ord tosaíochta agus acmhainní a dhíriú. Ba phríomhacmhainn é an NCCRA i bhforbairt na bpleananna.

D’ullmhaigh Met Éireann an chéad sraith faisnéise aeráide caighdeánaithe d’Éirinn faoin tionscadal TRANSLATE. Baineadh úsáid as na cásanna seo mar bhunús coiteann d’aeráid na hÉireann amach anseo agus forbraíodh pleananna oiriúnaithe earnála faoina bhun.

Áirítear gníomhartha lena ndéantar na nithe seo a leanas leis na pleananna:

  • an t-oiriúnú a phríomhshruthú isteach i bpríomhphleananna agus príomhbheartais earnála
  • sainaithint a dhéanamh, agus tuiscint a ghnóthú, ar na príomhleochaileachtaí, na príomhrioscaí agus na príomhdheiseanna atá roimh earnálacha sonracha agus ar mhór-rioscaí a théann i bhfeidhm ar roinnt earnálacha difriúla
  • a chinntiú go ndéantar pleanáil straitéiseach éigeandála a dhíonadh ó thaobh na haeráide de
  • faisnéis a shainaithint agus a bhailiú faoi na costais agus na tairbhí a bhaineann leis an oiriúnú laistigh d’earnálacha sonracha
  • cur leis an acmhainn atá ann laistigh d’earnálacha chun déileáil leis an athrú aeráide
  • sainaithint a dhéanamh ar na príomhbhearnaí taighde atá ann laistigh dá n-earnálacha agus aghaidh a thabhairt ar na bearnaí sin
  • feabhas a chur ar chomhordú leis an earnáil rialtais áitiúil

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat