Rabhadh maidir le glaonna gutháin, teachtaireachtaí téacs agus ríomhphoist chamscéime
- Foilsithe: 28 Eanáir 2026
- An t-eolas is déanaí: 28 Eanáir 2026
Táimid ar an eolas faoi mhéadú ar ghlaonna gutháin, teachtaireachtaí téacs agus ríomhphoist chamscéime atá á scaipeadh a mhaíonn go bhfuil baint acu le deontais nó scéimeanna fuinnimh.
Ná cliceáil ar naisc amhrasacha agus ná roinn eolas pearsanta.
Ní chuirfidh ranna agus gníomhaireachtaí rialtas nó do bhanc glao, téacs, ríomhphost nó físghlao ort gan choinne chun do shonraí bainc a lorg riamh.
Má tá aon amhras ort, ná cliceáil.
Má chreideann tú gur íospartach cibearchoireachta thú, dean teagmháil le do stáisiúin Gardaí áitiúil láithreach agus tóg seatanna scáileáin de théacsanna, ríomhphoist nó theachtaireachtaí eile.
Má tá aon sonraí cuntais bainc roinnte agat agus glao, téacs nó ríomhphost á freagairt agat a mheastar gur camscéim é, dean teagmháil le do bhanc láithreach, le do thoil.
Tá tuilleadh eolais maidir le teachtaireachtaí camscéime ar fáil ó gov.ie