Tuarascáil Bhliantúil 2024

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Tuarascáil Bhliantúil 2024

Leagtar amach i dTuarascáil Bhliantúil 2024 don Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide an dul chun cinn a rinneadh ar na spriocanna atá leagtha amach in 'Le Chéile 25', an Ráiteas Straitéise uainn don tréimhse 2024- 2025, a bhaint amach. Tá Tuarascáil Bhliantúil 2024 ina léiriú ar struchtúr agus ainm na Roinne roimh aistriú feidhmeanna i mí an Mheithimh 2025.

Léirítear i dTuarascáil Bhliantúil 2024 an dul chun cinn a rinneadh ar shé Sprioc Straitéiseacha a bhaint amach:

  • Sprioc 1 – A bheith mar cheannaire aitheanta maidir le gníomhú ar son na haeráide
  • Sprioc 2 – Ár gcóras fuinnimh a bhunathrú chun todhchaí shlán inacmhainne astaíochtaí glan-nialasacha a bhaint amach
  • Sprioc 3 – Ár dtimpeallacht nádúrtha a athshlánú, a chosaint agus a fheabhsú
  • Sprioc 4 – Nascacht agus cumarsáid den scoth a sholáthar
  • Sprioc 5 – Cosaint agus athléimneacht fheabhsaithe cibearshlándála a sholáthar ar fud an rialtais agus na sochaí
  • Sprioc 6 – Ár ndaoine, ár gcultúr agus ár n-eagraíocht a fhorbairt

Áirítear leis na príomhéachtaí sa bhliain 2024:

  • Bhí dul chun cinn in aghaidh an Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2024 cothrom le 70% faoi dheireadh na bliana, agus 39 gcinn de na 56 ghníomh curtha i gcrích.
  • Tháinig an Scéim Aisíoca Éarlaise chun bheith ar cheann de na tionscnaimh iompraíochta tomhaltóirí is dearfaí sa tír seo le blianta fada anuas, agus tugadh beagnach 1 billiún coimeádán ar ais sa bhliain 2024.
  • Rinneadh 326,000 áitreabh in-nasctha sa Phlean Náisiúnta Leathanbhanda sa bhliain 2024, agus breis agus 110,595 nasc á ndéanamh.
  • Bhí Éire ar cheann de na chéad tíortha a chuir an leagan deiridh den Phlean Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide uathu faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh i mí Iúil 2024, ar plean é lena gcinntítear cosaint na muirthimpeallachta agus na bithéagsúlachta agus lena dtacaítear le saoránaigh a bhraitheann ar an muir dá slí bheatha.
  • Seoladh an Scéim Iasachta Uasghrádaithe Fuinnimh Tí. Is é atá i gceist léi tithe níos teo agus níos tíosaí ar fhuinneamh a sholáthar do 54,000 teaghlach.
  • Soláthraíodh an ceathrú ceant fuinnimh gaoithe ar talamh faoin Scéim Tacaíochta Leictreachais In-athnuaite, agus toilleadh os cionn 2 GWh á áirithiú. Is leor an toilleadh sin chun suas le leathmhilliún teach a chumhachtú.
Tuarascáil Bhliantúil 2024
Amharc amharc

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat