Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Clár Socrúcháin Uachtaránachta Aeráide, Fuinnimh, Comhshaoil - Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh 2026


Réamhrá

Glacfaidh Éire Uachtaránacht ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh sa dara leath de 2026. Beidh an Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil (RAFC) i gceannas ar chlár oibre Uachtaránacht na hÉireann ar fud réimsí na haeráide, an fhuinnimh, an chomhshaoil agus an gheilleagair chiorclaigh.

Tá RAFC ag bunú Chlár Socrúcháin Uachtaránachta Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil chun tacú leis an ról náisiúnta ardphróifíle seo a chur i gcrích go rathúil agus iarrtar anois

Beidh clár oibre Uachtaránacht na hÉireann sna réimsí sin faoi stiúir na Roinne Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil (RAFC). Tá RAFC ag bunú Chlár Socrúcháin Uachtaránachta Saineolaithe Beartais agus Dlí chun cumas náisiúnta a neartú agus chun a chinntiú go gcuireann Éire Uachtaránacht rathúil uaillmhianach inchreidte i gcrích.

Faoin gClár

Cuirfear suas le cúigear iarrthóirí a bhfuil taithí acu i socrúcháin laistigh de phríomhrannáin RAFC ar feadh tréimhse suas le 12 mhí ó R1 2026 go dtí deireadh 2026.

Déanfaidh rannpháirtithe an méid seo a leanas:

  • Tacú le hullmhúcháin agus le caibidlíocht na Roinne d’Uachtaránacht na hÉireann,
  • Oibriú ar chomhaid reachtacha chasta de chuid an Aontais Eorpaigh,
  • Cuidiú le caibidlíocht na Comhairle, rannpháirtíocht idirinstitiúideach agus dréachtú.

Feidhmíonn na socrúcháin ar bhonn comhroinnte costais:

  • 80% arna chistiú ag fostóirí urraíochta, agus
  • 20% arna chomhchistiú ag RAFC.

Próiseas roghnúcháin

Líonfar an Clár trí phróiseas oscailte iomaíoch:

  • Glao Poiblí ar Léirithe Spéise
  • Gearrliostú bunaithe ar chritéir incháilitheachta agus inniúlachta
  • Próiseas Agallaimh
  • Roghnú deiridh ag RAFC

Sannfar iarrthóirí rathúla chuig ceann amháin díobh seo a leanas:

  • Rannán Gnóthaí an Aontais Eorpaigh agus Idirnáisiúnta,
  • Seirbhísí Dlí,
  • Rannáin na hAeráide, an Fhuinnimh nó an Chomhshaoil/an Gheilleagair Chiorclaigh laistigh de RAFC.

Beidh gach socrúchán lonnaithe in Éirinn, agus beidh roinnt rannpháirtíochta san Aontas Eorpach mar chuid den ról de réir mar is gá.

Beidh caidreamh leanúnach ag iarrthóirí rathúla le Bainisteoir Chlár Uachtaránachta RAFC, agus, más gá, gheobhaidh siad treoir uathu, beag beann ar an rannán ina bhfuil siad ceaptha.

Cé ba cheart iarratas a dhéanamh

Is é aidhm an chláir seo daoine aonair a chur ar fáil do shocrúcháin in RAFC a bhfuil: -

  • Saineolas acu ar riarachán beartais agus
  • Bunchéim acu i gceann amháin de na réimsí seo a leanas:
    • Gnóthaí Eorpacha, rialachas nó eacnamaíocht
    • Dlí an Aontais Eorpaigh/dlí na hÉireann
    • Beartas/rialachas aeráide, fuinnimh nó comhshaoil
    • Eacnamaíocht an chomhshaoil, geilleagar ciorclach agus inbhuanaitheacht

Ní mór tacaíocht ó fhostóir urraíochta a bheith ag gach iarratasóir agus an fostóir sin toilteanach a bheith rannpháirteach sa tsamhail chomhchistithe.

Cad atá ar fáil

Do Rannpháirtithe:

  • Ról lárnach i gcaibidlíocht reachtach an Aontais Eorpaigh,
  • Taithí dhíreach ar Uachtaránacht na hÉireann ar an Aontas Eorpach,
  • Saineolas feabhsaithe i ndlí an Aontais Eorpaigh agus i bpróisis idirinstitiúideacha,
  • Líonraí gairmiúla fairsingithe ar fud institiúidí Rialtais agus an Aontais Eorpaigh,
  • Deis a bhfuil ardmheas uirthi d’fhorbairt ghairmiúil.

D’Eagraíochtaí Urraíochta:

  • Tuiscint institiúideach níos doimhne ar cheapadh beartais an Aontais Eorpaigh,
  • Cumas comhairleach feabhsaithe in ábhair rialála an Aontais Eorpaigh,
  • Forbairt caidreamh fadtéarmach le hinstitiúidí Rialtais agus an Aontais Eorpaigh.

D’Uachtaránacht na hÉireann ar an Aontas Eorpach:

  • Acmhainneacht dhlíthiúil agus bheartais náisiúnta neartaithe,
  • Cumas seachadta Uachtaránachta feabhsaithe,
  • Oidhreacht bhuan saineolais an Aontais Eorpaigh laistigh den chóras Éireannach..

Conas iarratas a dhéanamh

Foilseofar sonraí breise, lena n-áirítear critéir incháilitheachta, riachtanais iarratais agus téarmaí rannpháirtíochta, sa ghlao foirmiúil ar Léirithe Spéise.

Is é Dé Céadaoin, an 18 Feabhra 2026 an dáta deiridh le haghaidh iarratas

Pacáiste eolais d’iarratasóirí
Amharc amharc

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat