Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide


Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2025

Is é Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2025 (CAP25) an ceathrú nuashonrú bliantúil reachtúil ar Phlean Gníomhaithe na hÉireann ar son na hAeráide faoin Acht um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin (Leasú) 2021.

Leagtar amach sa Phlean treochlár gníomhartha a threoróidh sinn sa deireadh thiar thall chun ár gcuspóir náisiúnta aeráide a bhaint amach, is é sin, aistriú chuig geilleagar atá athléimneach ó thaobh na haeráide de, saibhir ó thaobh na bithéagsúlachta de, inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus neodrach ó thaobh na haeráide de, a shaothrú agus a bhaint amach, tráth nach déanaí ná deireadh na bliana 2050. Tá sé ailínithe leis na buiséid charbóin uile-gheilleagair agus na huasteorainneacha astaíochtaí earnála atá ceangailteach ó thaobh an dlí de agus a chomhaontaigh an Rialtas leo i mí Iúil 2022.

Sa Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2025 tógtar ar Phlean na bliana seo caite trí bheachtú agus nuashonrú a dhéanamh ar na bearta agus na gníomhartha atá de dhíth chun na buiséid charbóin agus na huasteorainneacha astaíochtaí earnála a sheachadadh agus ba cheart é a léamh i gcomhar leis an bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2024. Soláthraíonn treochlár sa Phlean chun gníomh cinntitheach a dhéanamh d’fhonn astaíochtaí na hÉireann a laghdú faoina leath faoi 2030 agus neodracht aeráide a bhaint amach tráth nach déanaí ná 2050, mar a gealladh san Acht um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin (Leasú) 2021.

Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2025
Amharc amharc

Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2024

Is é Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2024 (CAP24) an tríú nuashonrú bliantúil ar Phlean Gníomhaithe na hÉireann ar son na hAeráide.

Is é cuspóir an Phlean Gníomhaithe ar son na Aeráide treochlár gníomhaíochtaí a leagan amach a ligfidh ar deireadh dúinn ár gcuspóir náisiúnta aeráide a shaothrú agus a bhaint amach tráth nach déanaí ná deireadh na bliana 2050, is é sin an t-aistriú chuig geilleagar atá athléimneach ó thaobh aeráide de, atá saibhir ó thaobh na bithéagsúlachta de, atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus atá neodrach ó thaobh na haeráide de. Tá sé ag teacht leis na buiséid charbóin uile-gheilleagair atá ceangailteach ó thaobh dlí de agus leis na huasteorainneacha astaíochtaí earnála a d’aontaigh an Rialtas i mí Iúil 2022.

D’aontaigh an Rialtas dréacht den Phlean i mí na Nollag 2023 agus, tar éis Measúnú Straitéiseach Comhshaoil, Measúnú Cuí, agus comhairliúchán poiblí sé seachtaine a bheith curtha i gcrích, d’fhaomh an Rialtas an leagan críochnaithe den Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide an 21 Bealtaine 2024. Tabhair faoi deara le do thoil, go mbeidh an leagan atá ar fáil thíos faoi réir roinnt mionathruithe eagarthóireachta.

Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2024
Amharc amharc

Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2023

Is é atá sa Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2023 (CAP23) ná an darna athleagan bliantúil ar an Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2019. Is é seo an chéad phlean a forbraíodh de réir an Acht um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin (Leasú), 2021, agus an chéad phlean a tugadh isteach i ndiaidh gur tugadh isteach buiséid charbóin don gheilleagar ina iomláine agus teorainneacha astaíochtaí earnála in 2022.

Seoladh an Plean ar an 21 Nollaig 2022.

Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2023
Amharc amharc

Plean Gnímh don Aeráid 2021

Sa Phlean Gnímh don Aeráid 2021, soláthraítear plean mionsonraithe maidir le gníomh cinntitheach a dhéanamh chun laghdú de 51% ar astaíochtaí foriomlána gás ceaptha teasa a bhaint amach faoi 2030 agus muid a chur ar chosán chun bheith saor ó astaíochtaí tráth nach déanaí ná 2050, mar a ghealltar sa Chlár don Rialtas agus mar atá leagtha amach san Acht um Aeráid 2021.

Seoladh an Plean an 4 Samhain 2021.

Plean Gnímh don Aeráid 2021
Amharc amharc

Plean Gnímh don Aeráid 2019

Seoladh an chéad Phlean Gnímh don Aeráid na hÉireann, Plean Gnímh don Aeráid 2019 (CAP19), an 17 Meitheamh 2019. Leagtar amach sa Phlean gníomh uaillmhianach sna blianta amach romhainn chun aghaidh a thabhairt ar thionchair ilghnéitheacha éagsúla ar thimpeallacht, ar shochaí, ar acmhainní eacnamaíocha agus nádúrtha na hÉireann.

Plean Gnímh don Aeráid 2019
Chun dul i ngleic le Cliseadh na hAeráide
Amharc amharc

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat