Plean Oiriúnaithe Earnála don Athrú Aeráide do Líonraí Leictreachais agus Gáis (EGN SAP 2025)
- Foilsithe: 18 Samhain 2025
- An t-eolas is déanaí: 18 Samhain 2025
Tá an Plean Oiriúnaithe Earnála na Líonraí Leictreachais agus Gáis (EGN SAP 2025) foilsithe ag an Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil.
Seo an dara Plean Oiriúnaithe Earnála um Athrú Aeráide d’Earnáil na Líonraí Leictreachais agus Gáis 2025 (EGN SAP 2025); mar a éilítear faoi na forálacha atá leagtha amach san An tAcht um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin 2015 agus sa Chreat Náisiúnta um Oiriúnú.
Dírítear sa Phlean Oiriúnaithe Earnála do Líonraí Leictreachais agus Gáis 2025 ar an oiriúnú don athrú aeráide. Is doiciméad straitéiseach é atá deartha chun cabhrú le líonraí leictreachais agus gáis na hÉireann athléimneacht fhadtéarmach a thógáil in aghaidh tionchair aeráide agus in aghaidh eachtraí adhaimsire.
Forbraíodh an plean i gcomhairle le grúpaí páirtithe leasmhara tábhachtacha agus leis an bpobal, agus i dtaca leis na sonraí réamh-mheastacháin aeráide is déanaí d’Éirinn, réamhmheastacháin athraithe aeráide TRANSLATE Met Éireann san áireamh, an Measúnú Náisiúnta ar Rioscaí Athraithe Aeráide agus mapáil tuilte Oifig na nOibreacha Poiblí.