Comhairle Fuinnimh
- Foilsithe: 28 Aibreán 2026
- An t-eolas is déanaí: 8 Bealtaine 2026
- Leideanna coigilte-fuinnimh
- Fuinneamh cliste
- Soláthraí a athrú
- Do bhille fuinnimh a thuiscint
- Cabhair le do bhille a íoc
Leideanna coigilte-fuinnimh
Sábhálann coigilt fuinnimh airgead, agus is féidir le céimeanna simplí difríocht mór a dhéanamh. Is féidir tionchar suntasach a bheith ag laghdú ar úsáid fearais a ídíonn go leor fuinnimh, tiomáint níos éifeachtúla, nó siúl, rothaíocht agus iompar poiblí a úsáid.
Má tá tú ag lorg bealaí chun costais fuinnimh a bhainistiú, gheobhaidh tú leideanna praiticiúla agus athruithe tapa laethúla don bhaile agus don taisteal ar shuíomh Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI). Sustainable Energy Authority of Ireland (SEAI) website.
Fuinneamh cliste
Úsáideann fuinneamh cliste teicneolaíocht dhigiteach, lena n-airítear méadair chliste, monatóirí fuinnimh, tí agus taraifí bunaithe ar am úsáide – chun smacht níos fearr a thabhairt duit ar conas agus cathain a úsáideann tú leictreachas. Trí d’úsáid fuinnimh a rianú i bhfíor-am, is féidir leat do nósanna a aistriú go hamanna seachbhuaice agus do bhillí a laghdú.
Tá 2.1 milliún méadar cliste suiteáilte cheana féin ag ESB Networks i dtithe agus i ngnólachtaí ar fud na tíre. Soláthraíonn na méadair seo eolas cruinn, cothrom le dáta ar d’úsáid leictreachais, agus cuireann siad ar chumas taraifí solúbtha fuinnimh (e.g.taraifí Ama Úsáide) a d’fhéadfadh cabhrú leat airgead a shábháil.
- Chun tuilleadh a fhoghlaim faoi mhéadair chliste agus taraifí cliste, tabhair cuairt ar an gCoimisiún um Rialáil Fóntais (CRU) agus ar SEAI
- Faigh rochtain ar shonraí do mhéadair chliste trí Líonraí BSL
- Úsáid an clár 'An Tráth Maith É Seo?' ó Líonraí BSL chun a fheiceáil cathain is saoire leictreachas a úsáid agus d’úsáid a aistriú go hamanna seachbhuaice.
Soláthraí a athrú
Má sheiceálann tú go bhfuil tú ar an taraif fuinnimh is fearr, nó má athraíonn tú soláthraí, is féidir leat na céadta euro a shábháil gach bliain. Cuireann an CRU eolas ar fáil ar a suíomh gréasáin chun cabhrú leat athrú agus airgead a shábháil.
Is féidir leat roghanna a chur i gcomparáid freisin trí shuíomhanna ceadaithe comparáide praghsanna nó trí labhairt go díreach le do sholáthraí. Faigh tuilleadh eolais ar shuíomh gréasáin an CRU
| Arden Energy | 1800 940 151 | ardenenergy.ie |
| Community Power | 067 56005 | communitypower.ie |
| Ecopower | 056 7800 572 | ecopower.ie |
| Electric Ireland | 1800 504021 | electricireland.ie |
| Bord Gáis Energy | 01 6110101 | bordgaisenergy.ie |
| SSE Airtricity | 0818 812 220 | sseairtricity.com |
| Energia | 0818 405 405 | energia.ie |
| Prepay Power | 1800 911 977 | prepaypower.ie |
| Flogas Ireland | 041 214 9500 | flogas.ie |
| Pinergy | 0818 363 749 | pinergy.ie |
| SSE Airtricity | 0818 812 220 | sseairtricity.com |
| Yuno Energy | 1800 554488 | yunoenergy.ie |
Do bhille fuinnimh a thuiscint
Ceann de na bealaí is éasca chun do chostais fuinnimh a laghdú ná tuiscint a fháil ar an áit a bhfuil do chuid airgid ag dul. Foghlaim conas do bhille fuinnimh a léamh, na muirir a thuiscint agus bealaí a aimsiú chun costais a laghdú i dtreoir tomhaltóirí Chumann Leictreachais na hÉireann.
Cabhair le do bhille a íoc
Má tá deacracht agat do bhille fuinnimh a íoc, tá tacaíochtaí agus cosaintí ar fáil chun cabhrú leat.
Déan teagmháil le do sholáthraí chomh luath agus is féidir. Oibreoidh siad leat, agus ní ghearrfar an soláthar má fhanann tú i dteagmháil leo.
Is féidir le soláthraí pleananna aisíocaíochta a thairiscint agus cúnamh a chur ar fáil trí chiste cruatain má tá tú i ndeacracht airgeadais.
Má tá tú i do chustaiméir leochaileach, d’fhéadfadh cosaintí breise a bheith agat. Déan cinnte go bhfuil tú cláraithe le do sholáthraí chun rochtain a fháil orthu seo. Faigh tuilleadh eolais ar shuíomh gréasáin an CRU.
Chomh maith le tacaíocht ó do sholáthraí fuinnimh, tá seirbhísí neamhspleácha comhairle agus tacaíochta ar fáil.
- MABS (Seirbhís Chomhairle Airgid agus Buiséadaithe) – cúnamh saor in aisce, rúnda le hairgead agus fiachas a bhainistiú www.mabs.ie
- ALONE - tacaíocht do dhaoine atá 60 bliain d’aois agus níos sine www.alone.ie
- CRU - eolas ar chearta agus cosaintí, lena n-áirítear bearta cosanta breise do chustaiméirí, moratóirí dícheangail agus tacaíocht do chustaiméirí i ndeacracht airgeadais. www.cru.ie