Iarrtar Léirithe Spéise le haghaidh rannpháirtithe i gClár Churaidh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe 2025-2026
- Foilsithe: 18 Meitheamh 2025
- An t-eolas is déanaí: 19 Meitheamh 2025
- Ról agus Freagrachtaí Churadh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe
- How to Apply
- Application Questions
Tá an Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil ag iarraidh Léirithe Spéise le haghaidh rannpháirtithe i gClár Churaidh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe 2025-2026.
Bunaíodh Clár Churaidh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe sa bhliain 2019. Is clár neamhchistithe é a forbraíodh chun feasacht an phobail a mhúscailt ar na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus chun a thaispeáint, trí na heiseamláirí dea-chleachtais a sholáthraíonn Curaidh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, gur féidir le gach duine sa tsochaí rannchuidiú le Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe.
Faoin gClár, ceapfaidh an tAire Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil roinnt eagraíochtaí mar Churaidh Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe ar feadh tréimhse 18 mí ó mhí Mheán Fómhair 2025 i leith. Roghnófar na heagraíochtaí as measc raon leathan limistéar geografach agus earnálacha de shochaí na hÉireann, agus iad ag déanamh ionadaíocht don tiomantas don fhorbairt inbhuanaithe atá ann ar fud na n-earnálacha poiblí, príobháideacha, pobail, deonacha, óige agus eagraíochtaí neamhrialtasacha. Glacfar le hiarratais ó eagraíochtaí agus ó ghrúpaí atá lonnaithe in Éirinn. Áirítear leo sin eagraíochtaí trasteorann ilnáisiúnta a bhfuil oibríochtaí ar bun acu in Éirinn.
Ról agus Freagrachtaí Churadh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe
Ról:
- Na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn
- Gníomhú mar eiseamláir dea-chleachtais den dóigh ar féidir le heagraíocht nó le grúpa rannchuidiú leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus na Spriocanna sin a chomhtháthú isteach ina gcuid oibre agus gníomhaíochtaí
- An méid a fhoghlaimíonn siad a chomhroinnt le daoine eile
Freagrachtaí:
- Na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a chur chun cinn, agus obair a nascadh leo, go leanúnach
- An t-eolas is deireanaí a thabhairt gach ráithe ar obair ghaolmhar agus ar ghníomhaíochtaí gaolmhara lena n-áirítear faisnéis faoi fhor-rochtain agus faoi ghníomhaíochtaí i measc pobal, geallsealbhóirí nó custaiméirí
- Imeacht a bhaineann leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe nó imeacht cur chun cinn a eagrú le linn dóibh a bheith ina gCuradh Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (b’fhearr an t-imeacht sin a chur ar siúl le linn sheachtain na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe)
- Rannchuidiú a dhéanamh ag sárthaispeántas deireadh téarma
Ról na Roinne Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil
Tacóidh an Roinn leis na Curaidh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a chur chun cinn trí na nithe seo a leanas a dhéanamh:
- Ceardlann tosaigh, cruinnithe ráithiúla, sárthaispeántas deireadh téarma agus imeachtaí eile a bhaineann leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a eagrú
- Paca faisnéise a sholáthar do na Curaidh, lena n-áirítear treoir maidir leis an gClár, teimpléid tuairiscithe ráithiúil, agus sócmhainní branda lena n-úsáid chun na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a chur chun cinn
- Faisnéis agus gníomhaíochtaí a bhaineann le tionscnaimh na gCuradh a chur ar áireamh in GeoHive na hÉireann do na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe
- Treoir agus faisnéis a thabhairt do na Curaidh maidir le huirlisí léarscáilithe Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe chun gur féidir leo tionscadail agus gníomhaíochtaí a léarscáiliú leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe
How to Apply
- Glacfar le hiarratais i bhformáid scríofa, ríomhphoist nó físe
- Cuir d’iarratas isteach thar ceann d’eagraíochta ina hiomláine. Ní bhreithneofar aon iarratais a bhaineann le duine aonair/daoine aonair.
- Ná scríobh níos mó ná 600 focal i d’iarratas agus ná cuir físeán atá níos faide ná 4 nóiméad isteach. Ar mhaithe le cothrom na Féinne do na rannpháirtithe uile, ní bhreithneofar ina n-iomláine iarratais atá níos faide ná an teorainn sin, agus cuirfear pionós i bhfeidhm i leith an scóir deiridh. Tabhair faoi deara go bhfuil feidhm ag an líon focal sin freisin maidir le sleamhnáin/láithreoireachtaí laistigh d’iarratais físeáin.
- Bain úsáid as teanga atá soiléir agus achomair agus cinntigh go bhfuil do fhreagraí dírithe agus sonrach
- Agus samplaí á dtabhairt agat den dóigh a rannchuidíonn do chuid gníomhaíochtaí nó oibre leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, is féidir leat tagairt a dhéanamh freisin do Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus aidhmeanna aonair – is féidir iad sin a fháil ar gov.ie nó ar sdgs.un.org/goals
- Is féidir leat naisc ábhartha a thabhairt chun tacú le do shamplaí de do chuid oibre agus den dóigh a gcuireann tú na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe chun cinn. Tabhair faoi deara, áfach, nach gcuirfear na hábhair thacaíochta sin san áireamh sna critéir bhreithniúcháin agus nach n-úsáidfear iad ach amháin chun do shamplaí a léiriú.
- Chun ionadaíocht leathan na n-earnálacha éagsúla den tsochaí a chinntiú, tarraingeofar iarratais ó raon leathan réimsí earnála agus láithreacha gheografacha. Luaigh i d’iarratas freisin cén chatagóir faoina dtagann d’eagraíocht nó do ghrúpa:
- Gnólacht – gnólacht mór (250 fostaí nó níos mó)
- Gnólacht – Gnólacht beag nó meánmhéide nó gnólacht eile (níos lú ná 250 fostaí)
- Oideachas
- Údarás áitiúil agus gníomhaireacht stáit
- Grúpa bailte slachtmhara agus grúpa pobail
- Eagraíocht neamhrialtasach/carthanas/fiontar sóisialta
- Turasóireacht, spórt agus meáin
- An óige
- Eile (sonraigh/tabhair tuairisc ghairid)
Má cheapann tú go dtagann d’eagraíocht nó do ghrúpa faoi níos mó ná ceann amháin de na catagóirí sin, cuir an méid sin in iúl.
Application Questions
Má tá spéis ag d’eagraíocht nó ag do ghrúpa in iarratas a dhéanamh ar ghníomhú mar Churadh Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, freagair na ceisteanna seo a leanas i d’iarratas (50 marc san iomlán).
- Cén fáth go bhfuil spéis ag d’eagraíocht nó ag do ghrúpa i ngníomhú mar Churadh Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe? (5 marc)
- Cén dóigh a rannchuidíonn obair d’eagraíochta nó do ghrúpa leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe? Tabhair dhá shampla de na cineálacha gníomhaíochtaí nó oibre a dhéanann nó a rinne d’eagraíocht nó do ghrúpa agus a chabhraigh nó a chabhraíonn leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach. Sainaithin freisin na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe ar leith a rannchuidigh nó a rannchuidíonn siad leo. Sainaithin aon tosca a fhágann go bhféadfadh cur chuige d’eagraíochta a bheith uathúil nó go bhféadfadh d’eagraíocht tionchar fiúntach ar leith a bheith aici mar Churadh. (25 mharc)
- Dá roghnófaí mar Churadh Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe thú, cén dóigh a ndéanfá na nithe seo a leanas:
(i) na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a chur chun cinn agus feasacht a mhúscailt orthu lasmuigh de d’eagraíocht (mar shampla, i measc an phobail, geallsealbhóirí, custaiméirí, baill chlub/chumainn/bhrainse)? (10 marc)
agus
(ii) na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a leabú isteach in obair d’eagraíochta (mar shampla, i ndáil le hoibríochtaí, i ndáil le pleanáil straitéiseach, i measc baill foirne/oibrithe deonacha)? (10 marc)
Seol d’iarratas chuig SDGs@dcee.gov.ie agus cuir do mhionsonraí teagmhála roghnaithe ar áireamh ann.
Seol iarratais scríofa chuig:
An Fhoireann um Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe,
An Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil,
Teach Tom Johnson,
Bóthar Haddington,
D04 K7X4
Ní mór gach Léiriú Spéise a fháil faoi 5pm Dé Céadaoin, an 30 Iúil 2025.
Chun leagan Word den doiciméad seo a iarraidh, seol ríomhphost chuig SDGs@dcee.gov.ie